Listening (Higher)
Listen to Seosamh describing how he celebrated Halloween. Try to fill the gaps.
Éist le Seosamh ag cur síos ar Oíche Shamhna. Líon isteach na bearnaí
Question
________ __________ a bhí ann agus is í an tSamhain an _________ is fearr liom gach bliain. Arís i mbliana, bhí an-spraoi go deo agam. Ar dtús, d’ullmhaigh mo mhamaí ________ mór dúinn. Bhí __________ againn agus don mhilseog d’ith muid _______ agus ____________ ________. _________ mé féin agus mo chara is fearr Lucy in _______ __________. Conriocht a bhí ionam féin agus bhí Lucy gléasta mar _________. Chaith mé féin masc agus eirreabeal mór donn. Nuair a bhí sé dorcha, chuaigh muid ó ________ ____ __________. Níor _______ na _________________ muid ar chor ar bith. Níor aithin mo sheanmháthair mé fiú. Fuair muid a lán _____ i rith na hoíche – barraí seacláide, milseáin de gach sórt, _________, oráistí agus __________ fiú!
Ar a hocht a chlog, shiúil muid go teach Ghráinne mar bhí __________ tí ar siúl. Bhí an teach ______ ____ _________ lenár gcairde ón scoil. D’imir muid a lán cluichí mar shampla bhí _________ uisce le hairgead istigh ann. Bhí orainn an ____________ a bhaint amach lenár mbéal. Bhí muid uilig fliuch go _____________ sa deireadh. Ag deireadh na hoíche, lasadh an ________ ________ sa pháirc áitiúil agus bhí ________ ________ann. Bhí said ildaite agus thar a bheith ___________!
Oíche Shamhna a bhí ann agus is í an tSamhain an fhéile is fearr liom gach bliain. Arís i mbliana, bhí an-spraoi go deo agam. Ar dtús, d’ullmhaigh mo mhamaí dinnéar mór dúinn. Bhí uaineoil againn agus don mhilseog d’ith muid císte agus toirtín úll. Ghléas mé féin agus mo chara, Lucy, in éide bréige. Conriocht a bhí ionam féin agus bhí Lucy gléasta mar thaibhse. Chaith mé féin masc agus eirreabeal mór donn Nuair a bhí sé dorcha, chuaigh muid ó dhoras go doras. Níor aithin na comharsana muid ar chor ar bith. Níor aithin mo sheanmháthair mé fiú! Fuair muid a lán bia i rith na hoíche – barraí seacláide, milseáin de gach sórt, cnónna, oráistí agus úlla fiú!
Ar a hocht a chlog, shiúil muid go teach Ghráinne mar bhí cóisir tí ar siúl. Bhí an teach lán go doras lenár gcairde ón scoil. D’imir muid a lán cluichí, mar shampla, bhí báisín uisce le hairgead istigh ann. Bhí orainn an t-airgead a bhaint amach lenár mbéal. Bhí muid uilig fliuch go craiceann sa deireadh. Ag deireadh na hoíche, lasadh an tine chnámh sa pháirc áitiúil agus bhí tinte ealaíne ann. Bhí siad ildaite agus thar a bheith gleoite!