Shopping Reading (Foundation and Higher)

Familiarise yourself with a range of shops, practise describing the cost of items and learn some shopping vocabulary.

Part ofIrish – Learners (CCEA)Identity, lifestyle and culture

Reading (Foundation and Higher)

Read the following email from Anu.

Try to answer true or false to each statement.

A dhuine uasail,

Thug mé cuairt ar Bhaile Átha Cliath Dé Máirt an 15ú lá de mhí Lúnasa agus cheannaigh mé dhá T-léine agus cóta fearthainne i do shiopa. Bhí na T-léinte galánta agus gleoite. Ar an lámh eile, bhí fadhb leis an chóta. Cóta fearthainne gorm, méid a hocht a bhí ann. Chosain sé daichead punt. Shíl mé go raibh sé iontach costasach ach thug mo mhamaí an t-airgead dom agus cheannaigh mé é.

Bhain mé triail as sa siopa agus bhí mé iontach sásta. Bhí deifir orm áfach mar bhí muid mall don bhus abhaile agus ní fhaca mé an poll. Nuair a d’fhill mé abhaile, bhí díomá an domhain orm.

Cheannaigh mé a lán éadaí sa siopa roimhe seo agus ní raibh fadhb ar bith agam. Tá imní orm anois mar tá m’admháil caillte agam. Tá súil agam go dtig leat an cóta a athrú nó mo chuid airgid a thabhairt ar ais dom. Beidh mé i mBaile Átha Cliath arís arú amárach agus buailfidh mé isteach sa siopa chun labhairt leat. Thig leat scairt a chur orm fosta ar 00897612821 nó scríobh chugam ag an seoladh ríomhphoist seo.

Le meas,

Anu Nic Ruairí

Question

Scríobh Anu litir gearáin.

Question

Bhí sí ag siopadóireacht sa chathair.

Question

Bhí sí ag siopadóireacht an tseachtain seo chaite.

Question

Chuaigh a cairde go Baile Átha Cliath léi.

Question

Bhí leathchéad punt ar an chóta.

Question

Bhí an cóta iontach saor.

Question

Cheannaigh sí T-léine amháin fosta.

Question

Thug Mamaí an t-airgead di don chóta.

Question

Bhí an cóta róbheag.

Question

Beidh sí ag filleadh ar an siopa an tseachtain seo chugainn.

Translation

Dear Sir/Madam,

I visited Dublin on Tuesday the 15th of August and I bought two T-shirts and a rain coat in your shop. The T-shirts were beautiful and pretty. On the other hand, there was a problem with the coat. It was a blue raincoat, size eight. It cost forty pounds. I thought that it was very expensive but my mummy gave me the money and I bought it.

I tried it on in the shop and I was very happy. I was in a hurry however because we were late for the bus home and I didn’t see the hole. When I returned home, I was very disappointed.

I have bought a lot of clothes in your shop before this and I have never had a problem before. I am worried now because I have lost my receipt. I hope that you can change the coat or give me back my money. I will be in Dublin again the day after tomorrow and I will call into the shop to speak with you. You can also call me on 00897612821 or write to me at this email address.

Yours sincerly,

Anu Nic Ruairí