Reading (Higher)

Read Aisling's blog below and try to answer the questions which follow.
Léigh blag Aisling thíos agus freagair na ceisteanna.
A chairde , cad é mar atá sibh?
Mhúscail mé go luath ar maidin mar mo bhreithlá a bhí ann agus bhí sé socraithe agam dul go Baile Átha Cliath don lá le mo chairde ón scoil. Bhí sceitimíní orm agus bhí mé ag dúil go mór leis mar bhí cead agam dul go Baile Átha Cliath liom féin don chéad uair gan mo thuismitheoirí a bheith liom. Tháinig mo chairde chun tí agus chuir muid tacsaí in áirithe go stáisiún na mbusanna. D’fhág mo mháthair cárta breithlae ar an tábla dom agus nuair a d’oscail mé é, níor chreid mé a bhí istigh ann- thug sí leathchéad punt dom mar bhronntanas! Go luath ina dhiaidh sin, thaistil muid ar an bhus go dtí an chathair. Cheannaigh muid ticéad fillte don bhus ar deich bpunt. Shíl muid go raibh sé sin réasúnta agus measartha saor. D’imigh muid ar an bhus thart ar leath i ndiaidh a naoi agus bhí craic iontach againn ar an bhealach.
Nuair a bhain muid an chathair amach, chuaigh muid díreach go Sráid Grafton mar chuala muid go raibh na siopaí ar dóigh ann agus bhí! Bhí sé nó seacht siopa éadaí ann agus cheannaigh mé trí phéire bríste, buataisí agus blús úr agus go fóill beag bhí go leor airgid fágtha fá choinne greim le hithe i lár na cathrach. Nuair a bhí muid ag fanacht, d’amharc muid ar na héadaí a cheannaigh muid agus ansin mhothaigh mé gur cheannaigh mé an mhéid chontráilte. Bhí díomá an domhain orm mar chosain an blús daichead punt orm.
I ndiaidh an lóin, shiúil muid ar ais agus d’iarr mé ar an fhreastalaí sa siopa an blús a athrú. Ní raibh sí sásta blús nua a thabhairt dom mar ní raibh an admháil agam. D’iarr mé labhairt leis an bhainisteoir agus mhínigh mé go raibh sé rómhór. Thuig sí mo chás agus faoi dheireadh thug sí blús eile dom. Chaith muid an chuid eile den lá ag siúl thart ar na siopaí eile. Cheannaigh mo chara Lucy cúpla rud dá mamaí. Cheannaigh mo chara Éimear smideadh nua agus gúna deas don dioscó Dé hAoine.
Nuair a bhain muid an teach amach tráthnóna bhí muid uilig spíonta ach bhí lá ar dóigh againn le chéile! Slán go fóill. Labhróidh mé libh arís roimh i bhfad.
Question
1. Why did Aisling get up early this morning?
She had arranged to go Dublin with her friends because it was her birthday.
Mhúscail mé go luath ar maidin mar mo bhreithlá a bhí ann agus bhí sé socraithe agam dul go Baile Átha Cliath don lá le mo chairde ón scoil.
I woke up early this morning because it was my birthday and I had arranged to go to Dublin for the day with my friends from school.
Question
2. Why was Aisling looking forward to today?
This was the first time she was allowed to go to Dublin on her own.
Bhí mé ag dúil go mór leis mar bhí cead agum dul go Baile Atha Cliath liom féin don chéad uair gan mo thuismitheoirí a bheith liom.
I was really looking forward to it because I had permission to go to Dublin by myself for the first time without my parents with me.
Question
3. How did Aisling and her friends get to their destination? Make two points
They booked a taxi to the bus station and got a bus.
Chuir muid tacsaí in áirithe go stáisiún na mbusanna. Go luath ina dhiaidh sin, thaistil muid ar an bhus go dtí an chathair.
We booked a taxi to the bus station. Shortly after that, we travelled on the bus to the city.
Question
4. What surprised Aisling before she left the house?
Her mum left a birthday card for her with money inside.
D'fhág mo mháthair cárta breithlae ar an tábla dom agus nuair a d'oscail mé é, níor chreid mé a bhí istigh ann - thug sí leathchéad punt dom mar bhronntanas!
My mother left a birthday card on the table for me and when I opened it, I couldn't believe what was inside - she gave me £50 as a present!
Question
5. What did she think about the cost of the journey on the bus?
She thought it was quite reasonable/fairly cheap.
Shíl muid go raibh sé sin réasúnta agus measartha saor.
We thought it was reasonable and relatively cheap.
Question
6. What did they do first when they reached their destination?
They went straight to Grafton Street.
Nuair a bhain muid an chathair amach, chuaigh muid díreach go Sráid Grafton.
When we reached the city we went straight to Grafton Street.
Question
7. What did Aisling discover when she was waiting on her food?
She had bought the wrong size.
Cheannaigh mé an mhéid chontráilte.
I bought the wrong size.
Question
8. What did she do after lunch?
She went back to the shop and asked the assistant to change the blouse.
Shiúil muid ar ais agus d'iarr mé ar an fhreastalaí sa siopa an blús a athrú.
We walked back and I asked the stop assistant to change the blouse.
Question
9. Name two things Aisling's friend Éimear bought.
She bought makeup and a dress.
Cheannaigh mo chara Éimear smideadh nua agus gúna deas don dioscó Dé hAoine.
My friend Éimear bought new make-up and a nice dress for a disco on Friday.
Question
10. What comment does Aisling make at the end of her blog?
We had a great day together!
Bhí lá ar dóigh againn le chéile!
Question
Can you find the following phrases in the blog?
| 1) without | 2) capital | 3) return ticket |
| 4) a bite to eat | 5) on the way | 6) excellent |
| 7) I was really disappointed | 8) finally | 9) exhausted |
| 1) without |
| 2) capital |
| 3) return ticket |
| 4) a bite to eat |
| 5) on the way |
| 6) excellent |
| 7) I was really disappointed |
| 8) finally |
| 9) exhausted |
| 1) gan | 2) príomhchathair | 3) ticéad fillte |
| 4) greim le hithe | 5) ar an bhealach | 6) ar dóigh |
| 7) Bhí díomá an domhain orm | 8) faoi dheireadh | 9) spíonta |
| 1) gan |
| 2) príomhchathair |
| 3) ticéad fillte |
| 4) greim le hithe |
| 5) ar an bhealach |
| 6) ar dóigh |
| 7) Bhí díomá an domhain orm |
| 8) faoi dheireadh |
| 9) spíonta |