Reading (Foundation)
Ciara has written an email to her cousin.
Can you try to answer the questions which follow in English?
A Orlaith, a chara,
Cad é mar atá tú? Chuaigh mé ag siopadóireacht inné le mo mhamaí mar tá mé ag dul go dtí an Ghaeltacht ar an Domhnach agus tá éadaí nua de dhíth orm. Thug muid aghaidh ar an stáisiún traenach agus thaistil muid go Béal Feirste ar an traein.
Sular thosaigh muid ag siopadóireacht, d’ith muid greim gasta i lár na cathrach mar bhí ocras an domhain orainn. Chonaic mé éadaí deasa i ngach siopa. Ní raibh ach céad punt agam a fuair mé do mo bhreithlá ar an mhí seo caite mar sin thug mé cuairt ar na siopaí le tairiscintí speisialta agus creid é nó ná creid, bhí sladmhargadh i neart siopaí.
Sa deireadh, cheannaigh mé trí T-léine nua sa siopa spóirt chomh maith le crios, péire bróg, agus sciorta nua den dioscó fosta. Tháinig mé abhaile le briseadh deich bpunt i mo phóca agus bhí áthas an domhain orm. Tháinig muid ar ais ar an traein agus d’ith muid dinnéar sa bhaile.
Cuirfidh mé scéal chugat ón Ghaeltacht ar an tseachtain seo chugainn.
Cuirfidh mé scéal chugat ón Ghaeltacht ar an tseachtain seo chugainn.
Do chara,
Ciara
Question
1. What did Ciara do yesterday?
She went shopping with her mum.
Chuaigh mé ag siopadóireacht inné le mo mhamaí.
I went shopping yesterday with my mum.
Question
2. Why did she choose to do this?
She is going to the Gaeltacht and needs new clothes.
Tá mé ag dul go dtí an Ghaeltacht ar an Domhnach agus tá éadaí nua de dhíth orm.
I am going to the Gaeltacht on Sunday and I need new clothes.
Question
3. What did they do first in the city?
They ate a quick bite.
Sular thosaigh muid ag siopadóireacht, d'ith muid greim gasta.
Before we started shopping, we ate a quick bite.
Question
4. How much money did Ciara have with her?
She had £100.
Ní raibh ach céad punt agam a fuair mé do mo bhreithlá.
I only had £100 that I got for my birthday.
Question
5. What types of places did she visit?
She visited shops with special offers.
Thug mé cuairt ar na siopaí le tairiscintí speisialta.
I visited shops with special offers.
Question
6. Name two things Ciara bought that day.
In all she bought three T-shirts, a belt, a pair of shoes and a skirt.
Cheannaigh mé trí T-léine nua sa siopa spóirt chomh maith le crios, péire bróg, agus sciorta nua.
I bought three new T-shirts in the sports shop as well as a belt, a pair of shoes and a new skirt.
Question
7. How much money in total did she spend that day?
She spent £90.
Tháinig mé abhaile le briseadh deich bpunt i mo phóca.
I came home with £10 change in my pocket.
Question
8. How did this make her feel?
She was really happy.
Bhí áthas an domhain orm.
I was really happy.