Regular and irregular verbs
Use what you have learned on the previous pages to complete the passage using both regular and irregular verbA word used to describe an action or state of being. in the present tense.
Question
(Múscail) ____________ ar maidin nuair a chluinim an clog aláraim. Tamall ina dhiaidh sin, éirím agus (cuir) ____________ orm mo chuid éadaí. Ina dhiaidh sin, siúlaim go dtí an fhuinneog, osclaím na cuirtíní agus (amharc) __________ amach. I ndiaidh dom sin a dhéanamh, (téigh) _________ go dtí an seomra folctha chun mé féin a ní. Ním mé féin – glacaim cithfholcadh, scuabaim mo chuid fiacla agus cíoraim mo chuid gruaige. Nuair atá sin déanta agam, téim síos staighre go dtí an chistin chun mo bhricfeasta a fháil. Agus mé sa chistin, (ullmhaigh) _____________ mo bhricfeasta. De ghnáth, ithim calóga arbhair agus cúpla slisín arán rósta. Ólaim cupán tae nó gloine sú oráiste fosta. Go gairid ina dhiaidh sin, fágaim an teach le dul ar scoil.
Tosaíonn na ranganna ag ceathrú i ndiaidh a naoi. Téim ó rang go rang. Sa seomra ranga, éistim leis an mhúinteoir, scríobhaim i mo leabhar nótaí. (Freagair) ________ an múinteoir agus (cuidigh) ________ le mo chairde. Ó am go ham, labhraím Gaeilge. Ithim úll nó a leithéid don sos ach ithim béile sa cheaintín don lón. Ina dhiaidh sin, téim chuig clós na scoile agus (imir) _______ peil nó liathróid láimhe le mo chairde. (Críochnaigh) ___________ an lá scoile ar leath i ndiaidh a trí. Ní (déan) ______________ m’obair bhaile go dtí a seacht a chlog.
Músclaím ar maidin nuair a chluinim an clog aláraim. Tamall ina dhiaidh sin, éirím agus cuirim orm mo chuid éadaí. Ina dhiaidh sin, siúlaim go dtí an fhuinneog, osclaím na cuirtíní agus amharcaim amach. I ndiaidh dom sin a dhéanamh, téim go dtí an seomra folctha chun mé féin a ní. Ním mé féin – glacaim cithfholcadh, scuabaim mo chuid fiacla agus cíoraim mo chuid gruaige. Nuair atá sin déanta agam, téim síos staighre go dtí an chistin chun mo bhricfeasta a fháil. Agus mé sa chistin, ullmhaím mo bhricfeasta. De ghnáth, ithim calóga arbhair agus cúpla slisín arán rósta. Ólaim cupán tae nó gloine sú oráiste fosta. Go gairid ina dhiaidh sin, fágaim an teach le dul ar scoil.
Tosaíonn na ranganna ag ceathrú i ndiaidh a naoi. Téim ó rang go rang. Sa seomra ranga, éistim leis an mhúinteoir, scríobhaim i mo leabhar nótaí. Freagraím an múinteoir agus cuidím le mo chairde. Ó am go ham, labhraím Gaeilge. Ithim úll nó a leithéid don sos ach ithim béile sa cheaintín don lón. Ina dhiaidh sin, téim chuig clós na scoile agus imrím peil nó liathróid láimhe le mo chairde. Críochnaíonn an lá scoile ar leath i ndiaidh a trí. Ní dhéanaim m’obair bhaile go dtí a seacht a chlog.