Speaking

Can you try answering these five questions on transport? There are sample answers to get you started.
Ar thaistil tú ar ______ riamh?
Have you ever travelled on a/by _____ before?
- Thaistil mé...
- I travelled...
- Níor thaistil mé...
- I haven't travelled...
Cén dóigh a dtagann tú ar scoil gach lá?
How do you come to school every day?
- Tagaim ar scoil ar an bhus.
- I come to school on the bus.
- Tagaim ar scoil sa charr.
- I come to school in the car.
- Siúlaim ar scoil.
- I walk to school.
Cad é mar a thaisteal sibh thar lear?
How did you travel abroad?
- Thiomáin Daidí/Mamaí...
- Dad/Mum drove...
- Chuaigh muid ar bord...
- We went on board (a)...
- Thaistil muid...
- We travelled...

Cad é mar a bhí an turas?
How was the journey?
- Shíl mé go/nach raibh an turas...
- I thought the journey was/wasn't...
compordach/míchompordach - comfortable/uncomfortable
sultmhar - enjoyable
tuirsiúil - tiring
fadálach - tedious/slow
leadránach - boring
suimiúil - interesting
callánach - noisy
- mar...
- because...
bhí sé dubh le daoine. - it was packed.
bhí moill ar an eitleán/traein/bhus. - the plane/trane/bus was delayed.
bhí boladh bréan ann. - there was a terrible smell.
bhí _____ ag cur isteach orm ó thús go deireadh. - ______ annoyed me from beginning to end.
chuir an turas/bia tinneas orm. - the journey/food made me ill.
bhí cuid mhór tráchta ann. - there was a lot of traffic.
bhí radharc den scoth ón eitleán/traein. - there was an amazing view from the plane/train.
ní bhfuair mé néal codalta. - I didn't get a wink of sleep.
tagann tinneas orm ar... - I get sick on...
tá eagla orm roimh eitleáin. - I'm afraid of aeroplanes/flying.
Cá fhad a mhair an turas?
How long did the journey last?
- Mhair an turas thart fá _____, ó thús go deireadh.
- The journey lasted ______, from beginning to end.
uair amháin an chloig - one hour
dhá uair an chloig - two hours
trí huaire an chloig - three hours
ceithre huaire an chloig - four hours
cúig huaire an chloig - five hours
sé huaire an chloig - six hours
seacht n-uaire an chloig - seven hours
go leith - and a half