Listening (Higher)
Question
Listen to this announcement on the radio about a missing pet. Try to fill in the blanks with the correct words.
Éist leis an fhógra seo ar an raidió fá pheata atá ar iarraidh. Líon isteach na bearnaí leis na focail chuí.
Tráthnóna maith _________ agus fáilte go Fógraí an Tuaiscirt. Tá fógra _________ againn anseo ó cheantar an Ghleanna. Cailleadh _________ __ ar an Luan. Níl sí ach ___ ______ d’aois. Bhí an teaghlach amuigh ag siúl sa _________ phoiblí nuair a d’imigh an madadh ___ ______. Is spáinnéar beag í agus tá dath ____ ____ ____ uirthi. Minnie an t-ainm atá _______ agus deir an teaghlach nach bhfuil sí _______ ar chor ar bith ach bíonn _______ uirthi roimh strainséirí. Deir úinéirí an mhadaidh go bhfuil na páistí croíbhriste go bhfuil sí _________ . Má fheiceann duine ar bith Minnie thart ar an cheantar, gabh i dteagmháil linn anseo ag an stáisiún raidió nó ____ _____ ___ an teaghlach ar 0008887775. Tabharfar £50 don duine a aimsíonn Minnie ____ _________.
Tráthnóna maith daoibh agus fáilte go Fógraí an Tuaiscirt. Tá fógra tábhachtach againn anseo ó cheantar an Ghleanna. Cailleadh madadh óg ar an Luan. Níl sí ach dhá bhliain d’aois. Bhí an teaghlach amuigh ag siúl sa pháirc phoiblí nuair a d’imigh an madadh ar strae. Is spáinnéar beag í agus tá dath dubh agus donn uirthi. Minnie an t-ainm atá uirthi agus deir an teaghlach nach bhfuil sí crosta ar chor ar bith ach bíonn eagla uirthi roimh strainséirí. Deir úinéirí an mhadaidh go bhfuil na páistí croíbhriste go bhfuil sí ar iarraidh. Má fheiceann duine ar bith Minnie thart ar an cheantar, gabh i dteagmháil linn anseo ag an stáisiún raidió nó cuir glaoch ar an teaghlach ar 0008887775. Tabharfar £50 don duine a aimsíonn Minnie slán sábhailte.
