
Seal le Siân - Bronntanais na Nollag: Bosca Seacláidí Strufail
Bosca Seacláidí Strufail - Ullmhaíonn Siân bronntanais bhlasta dúinn don Nollaig
Bronntanais na Nollag : Bosca Seacláidí Strufail
Ullmhaíonn Siân bronntanais bhlasta dúinn.
Na comhábhair:
Na milseáin: (do 15 duine)
Dátaí (gan na clocha) - 150g
Seacláid dhorcha (70% ar a laghad) - 25g
Púdar cacó (cocoa powder) – ¼ cupán
Oráiste (craiceann agus sú) - leathcheann
Fanaile - taespúnóg amháin
Cnónna rósta - 25 gram
Salann Himiléach – gráinín beag
Cumhdach le dul ar bharr na milseán:
Reophúdar (sú craobh, mangó, cnó cócó) agus púdar cacó
Treoir
Na milseáin:
1. Cuir na dátaí agus an sú oráiste sa chumascóir.
2. Measc le chéile go dtí go bhfuil siad deas mín.
3. Cuir an púdar cacó, fanaile, cnónna rósta agus gráinnín salainn i mbabhla eile leis na dátaí a mheasc tú leis an sú oráiste.
4. Measc le chéile na comhábhair sin.
5. Leáigh an tseacláid agus cuir leis an mheascán de chomhábhair í.
6. Cuir an meascán sa chuisneoir thar oíche.
7. Bain ón chuisneoir é agus déan 15 liathróid de.
8. Clúdaigh na milseáin seo leis na reophúdair éagsúla / púdar cacó.
9. Cuir i mbosca beag maisithe iad.
Beannachtaí na Nollag oraibh!
Fad:
Seo gearrthóg ó
Faoi thrácht in...
![]()
Seal le Siân—Blas
Cuireann Siân Nic an Bheatha bia álainn os ár gcomhair.
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05





