
Níl Sé 'na Lá - ciall an amhráin
Lillis Ó Laoire and Pádraigín Ní Uallacháín reveal the possible influences on the song.
Tríona Ní Dhomhnaill sings ‘Níl Sé ‘na Lá’. Lillis Ó Laoire and Pádraigín Ní Uallacháín reveal the possible influences on the song and discuss the different versions found in different places.
Níl Sé 'na LáNíl aon phort dár chuala mé ar phíoba
Tháinig mé i méadaíocht an linbh
Nach raibh liom ar bharr mó mhéar
Isteach i sliabh is ag dul ina bhaile
Curfá:
Níl sé ina lá níl go fóill
Níl sé ina oíche ná baol ar mhaidin
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill
Ná anois ar ball a d'éirigh an ghealach
Seo na gloiní, seo na mugaí
Seo an áit a bhfuil an leann ann
Is mura bhfuil an t-airgead in do phócaí
Buail an bóthar is gabh ina bhaile
Chuir mé féin mo lámh in mo phóca
Is d'iarr mé briseadh coróin mhairbh
Is é dúirt sí liomsa, "Suí síos go fóill
Is gheobhaidh tú an cárta agus an galún"
Éirigh i do shuí, a fhir an tí
Cuir ort do bhríste agus do hata
Go gcoinneoidh tú ceol leis an fhear chóir
A bheas ag ól anseo go maidin
Ná héirigh i do shuí a fhir an tí
Ná cuir ort do bhríste ná do hata
Ná diabhal deoir a théid in do scóig
Ná ní bheidh mise ag ól anseo go maidin
Tá na caoirigh in sna mínte
Is tá na huain ag ól an bhainne
Tá mo bhean féin ar fud na tíre
Is nach mithid dom éirí is dhul ina bhaile
(Curfá)
Nach mór an croí a fuair Éamonn Creepy
Síneadh síos le Siubhán Bhacaí
D'éirigh Cathal as an ghríosaí
Is bhí sé ar iarraidh as sin go maidin
Ar chuala sibhse maigh na Maolann?
Ná mar a chríochnaíonn sí a cuid bainne
Ochtar dragún gasúr cíocrach
Bunadh an tí is péire cailleach
(Chorus)
Chuir mé féin mo mhaol chun aonaigh
D'imigh an t-aonach agus an t-eallach
Tiocfaidh cailleach - cailleachaí an tí
Caillfear an dís is a gcuid leanbh
(Chorus)
Dá gcasfaí orm cailín i dtom
Chuirfinn a cloigeann síos le malaí
Chuirfinn taca leana droim
Agus bheinn ag súgradh léi go maidin
(Curfá)
Duration:
This clip is from
More clips from Ragairne
![]()
An Bonnán Buí - ciall an amhráin
Duration: 09:59
![]()
Seachrán Charn tSiail - ciall an amhráin
Duration: 09:02
![]()
Níl Sé ina Lá
Duration: 02:51
![]()
Seachrán Charn tSiail
Duration: 02:17
More clips from Amhráin Aduaidh
![]()
Aird Uí Chuain - ciall an amhráin—Imirce
Duration: 10:41
![]()
Gleantáin Ghlas Ghaoth Dobhair - ciall an amhráin—Imirce
Duration: 10:33
![]()
Na Buachaillí Álainn - ciall an amhráín—Imirce
Duration: 07:47
![]()
Na Buachaillí Álainn—Imirce
Duration: 01:43








