
An Bonnán Buí - ciall an amhráin
Poets Cathal Ó Searchaigh and Proinsias Mac a’Bhaird explain how the poet’s lifestyle inspired the song.
Maighréad Ní Dhomhaill sings ‘An Bonnán Buí’ written by poet Cathal Buí Mac Giolla Ghunna. Poets Cathal Ó Searchaigh and Proinsias Mac a’Bhaird explain how the poet’s lifestyle inspired the song.
An Bonnán Buí
A bhonnán bhuí, is é mo chrá do luí,
Is do chnámha sínte ar leaca lom'
Is nach ndearna tú díth ná dolaidh sa tír,
Is nárbh fhearra leat fíon ná uisce poll.
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin
Go raibh tú i ngéibhinn nó i ndeacair íot'
ó bhainfinnse béim ar Loch Mhic an Éin
A fhliuchfadh do bhéal is do bhrollach síos.
Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag eagaoin
An chuach, an traona ná an corr-bhreac
Ach an Bonnán Buí a bhí lán de chroí
Is gur cosúil liom fein é i snua is i ndreach.
Bhíodh se ag síoról na dí
Is deir daoine go mbím ar an nós sin seal
Is níl braon dá bhfuighinn nach ligfinn síos
Ar fhaitíos go bhfuighinn féin bás den tart ...
Is é a d'iarr mo stór orm ligint den ól,
Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr;
Ach dúirt mé léithi go dtug sí an bhréag,
Is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil.
Nach bhfaiceann tu féin an phíobáin réidh
Go ndeachaigh sí in éag den tart ar ball;
Is a dhaoine chléibh, fliuchaíg bhur mbéal
Nó ní bhfaighidh sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
Duration:
This clip is from
More clips from Ragairne
![]()
Níl Sé 'na Lá - ciall an amhráin
Duration: 09:41
![]()
Seachrán Charn tSiail - ciall an amhráin
Duration: 09:02
![]()
Níl Sé ina Lá
Duration: 02:51
![]()
Seachrán Charn tSiail
Duration: 02:17
More clips from Amhráin Aduaidh
![]()
Aird Uí Chuain - ciall an amhráin—Imirce
Duration: 10:41
![]()
Gleantáin Ghlas Ghaoth Dobhair - ciall an amhráin—Imirce
Duration: 10:33
![]()
Na Buachaillí Álainn - ciall an amhráín—Imirce
Duration: 07:47
![]()
Na Buachaillí Álainn—Imirce
Duration: 01:43








