
Ón Taobhlíne
Craobhchomórtas Sinsir Pheil na bhFear, Maratón Bhéal Feirste.
Men’s Gaelic Football Championship, Belfast City Marathon.
Tugann Cárthach Bán Breathnach anailís dúinn ar aicsean an deireadh seachtaine i gCraobhchomórtas Sinsir Pheil na bhFear i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan, chomh maith le súil a chaitheamh ar nuacht camógaíochta agus iománaíochta. Fosta, le cur le clúdach cuimsitheach BBC Raidió Uladh ar Mharatón Chathair Bhéal Feirste inné, tá duine de na reathaithe féin linn: Colm Ó Donnchadh as Machaire Rabhartaigh. Tá an traenálaí aclaíochta Joe Mac an Fhailí ann fosta le comhairle a chur ar a chara Colm, maraon le héisteoir ar bith eile atá ag mothú nimhneach tar éis a gcuid iarrachtaí ar fad inné, agus atá ag iarraidh teacht chucu féin a luaithe agus is féidir.
Cárthach Bán Breathnach analyses the weekend’s action in the Connacht and Munster Senior Championships in men’s Gaelic football, as well as casting an eye over the latest news in the fields of camogie and hurling. Also, following on from yesterday’s comprehensive Belfast City Marathon coverage on BBC Radio Ulster, one of the runners themselves is with us: Colm Ó Donnchadh from Machaire Rabhartaigh. Fitness trainer Joe Mac an Fhailí joins us to offer his advice to Colm and any other listener who is feeling the aches and pains after yesterday’s efforts and wants to accelerate their recovery.
An craoladh is déanaí
Craoladh
- Luan 5 Beal 202519:30BBC Radio Ulster