
Gearóid Ó Cairealláin 1957-2024
Clár speisialta in ómós do Ghearóid Ó Cairealláin, nach maireann.
A tribute to the late Gearóid Ó Cairealláin.
Clár speisialta in ómós do Ghearóid Ó Cairealláin – duine de mhórlaochra athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste – scríbhneoir, iriseoir, aisteoir agus gníomhaí Gaeilge, a raibh a phaisean dosháraithe agus a fhís dochloíte. Le léargas a fháil ar shaol agus ar shaothar Ghearóid, cluineann muid ón mhac is sine s’aige, Ainle, óna bhean chéile, Bríd Ó Gallchóir, agus ó cuid dá chairde agus dá chomhghleacaithe: Eoghan Ó Néill, Áine Nic Gearailt, Fergus Ó hÍr, Dónall Mac Giolla Chóill agus Tomaí Rua Ó Conghaile. Chomh maith leis sin, tá glór Ghearóid féin le cluinstin in ábhar cartlainne ó: I Lár An Aonaigh (2014, Below The Radar do BBC Gaeilge), Gaeil Bhéal Feirste (BBC, 1992) Litreacha (BBC, 2022) agus Beo go Deo (Raidió Fáilte). Buíochas le Raidió Fáilte, le Below The Radar, agus le Peter Stewart ag cartlann an BBC.
A special programme in tribute to the late Gearóid Ó Cairealláin – one of the leading figures of the Irish language revival in Belfast – a writer, journalist, actor and language rights activist whose passion and vision was unmatched. For an insight into his life and work, we hear from Gearóid’s eldest son Ainle, from his wife, Bríd Ó Gallchóir, and from some of his many friends and colleagues: Eoghan Ó Néill, Áine Nic Gearailt, Fergus Ó hÍr, Dónall Mac Giolla Chóill and Tomaí Rua Ó Conghaile. We also hear Gearóid himself, in archive recordings from I Lár An Aonaigh (2014, Below The Radar for BBC Gaeilge), Gaeil Bhéal Feirste (BBC, 1992) Litreacha (BBC, 2022) and Beo go Deo (Raidió Fáilte). Thanks to Raidió Fáilte, Below The Radar, and Peter Stewart in the BBC archive.
An craoladh is déanaí
Craoltaí
- Máirt 11 Márta 202519:30BBC Radio Ulster & BBC Radio Foyle
- Máirt 28 DFómh 202519:30BBC Radio Ulster & BBC Radio Foyle
- Céad 3 Noll 202519:30BBC Radio Foyle & BBC Radio Ulster