Use BBC.com or the new BBC App to listen to BBC podcasts, Radio 4 and the World Service outside the UK.

Find out how to listen to other BBC stations

Episode details

Radio Ulster,2 mins

Cumhacht na Nimhe nó Cumhacht an Leictreachais?

Arbh Fhearr Leat...

Available for 20 days

Bíonn ainmhithe fiáine áirithe, cosúil leis an iasc cloiche, iontach ciúin ar fad agus iontach maith á gcosaint féin. Tá nimh ag an iasc cloiche! Oibríonn an nimh s’acu mar instealladh – scaoileann siad ceimiceáin chontúirteacha amach agus cuireann sé sin pairilis sna matáin agus stadann sé sin gach gluaiseacht! Oibríonn an nimh go hiontach gasta, briseann sí síos fíocháin an ainmhí eile agus cloíonn an nimh an néarchóras taobh istigh de chúpla soicind. Tá nimheanna áirithe ann a stadann na comharthaí leictreacha sna néaróga go fiú; fágann sin nach bhfuil an corp in ann bogadh ar chor ar bith. Tá an t-iasc cloiche ar cheann de na hainmhithe is contúirtí san aigéan mar gheall air sin. Tá cealla speisialta ag ainmhithe leictreacha cosúil leis an eascann leictreach – leictricítí an t-ainm atá orthu, agus tá siad mar a bheadh cadhnraí beaga ann. Tá fuinneamh leictreach sna cealla beaga seo, agus spalpann siad amach an fuinneamh leictreach! Nuair a bhíonn na hainmhithe seo faoi bhagairt nó ag seilg, spalpann siad an fuinneamh leictreach seo i dturraing chumhachtach suas le 600 volta– Zap! Ní bheadh seans ar bith ag an ainmhí bhocht eile os a gcomhair amach! Seo é an rud a tharlaíonn don ainmhí bhocht eile: cuireann an leictreachas isteach ar na matáin s’acu, go hiontach tobann ar fad, mar atá nimh in ann gach gluaiseacht a stopadh, ach níos gasta agus le níos mó fórsa.

Programme Website
More episodes