Use BBC.com or the new BBC App to listen to BBC podcasts, Radio 4 and the World Service outside the UK.

Find out how to listen to other BBC stations

Episode details

Radio Ulster,3 mins

Gan Codladh nó Gan Bia de Dhíth Ort Riamh?

Arbh Fhearr Leat...

Available for 20 days

An síleann tú go mbíonn tú “ag déanamh faic” agus tú i do chodladh? Bíonn do chorp iontach gnóthach agus tú i do chodladh! Bíonn d’inchinn ag glanadh suas, ag sórtáil cuimhní, ag oibriú amach fadhbanna agus ag fáil réidh le bruscar go fiú. Agus tú i do chodladh, deisíonn na matáin iad féin, bíonn do chorp ábalta frídíní a throid níos fearr agus fanann do mhothúcháin cothrom. Nuair nach mbíonn codladh maith agat, bíonn drochspion ort, cuireann sé isteach ar d’aird, ar do shláinte, agus fiú ar chomh gasta agus a fhásann tú. Ach samhlaigh nach mbeadh codladh ar bith de dhíth ort riamh, bheadh níos mó ama agat le rudaí a dhéanamh - bheadh an tríú cuid de do shaol ar ais agat, beagnach! Sin níos mó ná fiche bliain eile agat má mhaireann tú go nócha bliain d’aois! Thiocfadh leat a bheith ag léamh, ag cumadh, ag súgradh nó ag taiscéalaíocht nuair a bheadh gach duine eile ina gcodladh. Tá sé cosúil le ham breise a bheith agat gach lá! Is é bia do bhreosla, glacann do chorp gach rud a itheann tú agus déanann sé fuinneamh agus bloic thógála de. Tugann carbaihiodráit fuinneamh gasta duit, cuidíonn próitéin le fás sna matáin agus sna horgáin, agus coinníonn an tsaill d’inchinn agus do chealla ag obair mar is ceart. Tá vitimíní agus mianraí de dhíth ort fosta le bheith folláin, cosúil le cailciam do na cnámha agus iarann don fhuil. Ach samhlaigh nach mbeadh bia ar bith de dhíth ort riamh? Ní bheadh ocras ort go deo, agus ní bheadh ort smailceanna a iompar arís. Thiocfadh leat gabháil ar eachtraí móra, sléibhte a dhreapadh nó eitilt tríd an spás — ní chuirfeadh rud ar bith moill ort! Ach... chaillfeá amach ar na rudaí blasta, ar cháca lá breithe agus ar bhéilí spraíúla le do theaghlach.

Programme Website
More episodes