Use BBC.com or the new BBC App to listen to BBC podcasts, Radio 4 and the World Service outside the UK.

Find out how to listen to other BBC stations

Episode details

Radio Ulster,2 mins

Maighnéadas nó Domhantarraingt?

Arbh Fhearr Leat...

Available for 21 days

Is fórsa bunúsach sa dúlra é an maighnéadas! Tarraingíonn maighnéid ábhair áirithe chuig a chéile nó brúnn siad amach óna chéile iad, go háirithe miotail mar iarann, nicil agus cóbalt. Cruthaíonn maighnéid réimsí maighnéadacha thart orthu féin, le fórsa nach féidir linn a fheiceáil. Úsáideann tú maighnéid gach lá – i do chuisneoir, do ríomhaire, agus tá traenacha atá ábalta tiomáint thuas san aer mar gheall ar mhaighnéid os cionn ráille miotail! Nuair a bhíonn smacht agat ar an mhaighnéadas, is féidir leat rudaí atá déanta le miotail a bhogadh nó sciatha maighnéadacha cumhachtacha a dhéanamh go fiú. Is í an domhantarraingt an fórsa a choinníonn gach rud ar Domhan – sin é an fáth nach n-imíonn tú suas san aer! Bíonn tarraingt níos mó ag rudaí móra. Coinníonn an domhantarraingt gach rud greamaithe den talamh, agus tá smacht aici ar na planéid ag gabháil thart ar an ghrian go fiú. Dá mbeadh smacht ar an domhantarraingt agat, thiocfadh leat rudaí a chur suas san aer, léim níos airde ná riamh, nó rudaí a dhéanamh chomh trom sin nach féidir leo bogadh! Gan domhantarraingt, bheadh gach rud go díreach ag gabháil thart agus thart thuas sa spás.

Programme Website
More episodes