Use BBC.com or the new BBC App to listen to BBC podcasts, Radio 4 and the World Service outside the UK.

Find out how to listen to other BBC stations

Episode details

Radio Ulster,2 mins

Sárluas nó Sárneart?

Arbh Fhearr Leat...

Available for 20 days

Sa dúlra, baineann sárluas le bheith iontach, iontach gasta agus le fuinneamh mór a bheith agat. Is é an síota an t-ainmhí talún is gasta. Thig leis an síota rith suas le 70 míle san uair uaireanta. Cuidíonn matáin chumhachtacha sna cosa, corp éadrom agus droim sholúbtha leis an síota gabháil go gasta agus an treo a athrú go tobann fosta. Úsáideann an síota a luas le gabháil sa tóir ar ainmhithe eile agus le héalú ó chontúirt níos gasta ná ainmhithe eile go fiú. Cuidíonn an luas le hainmhithe mar tá siad in ann éalú ó ainmhithe eile, taobh istigh de chúpla soicind. Sa dúlra, bíonn cumhacht ag ainmhithe láidre agus tá siad ábalta glacadh le cuid mhór. Tá an goraille, mar shampla, in ann suas le 10 n-uaire níos mó ná a mheáchan féin a thógáil – tá sin cosúil le carr beag a thógáil! Tá an seangán beag níos láidre arís, i gcomparáid lena chorp. Iompraíonn sé rudaí atá 50 uair níos troime ná mar atá sé féin. Cuidíonn an neart seo leo bia a iompar, tithe a thógáil agus a gcóilíneacht, nó a gceantar féin a chosaint. Uaireanta san fhiántas, déanann neart an difear idir bheith beo nó marbh i dtroid ar son ceantair nó bia.

Programme Website
More episodes