
01 Lorg Carbóin
Tá ár Lorg Carbóin féin againn uilig. Is breá linn lorga coise a dhéanamh nuair a chlúdaíonn Síle Sneachta an talamh. Ach níl ár lorg carbóin cosúil leis sin. Is ionann ár lorg carbóin agus an méid dé-ocsaíd charbóin a scaoilimid isteach san aer mar gheall ar an dóigh a mairimid gach lá, agus téann sé seo i bhfeidhm ar an timpeallacht. Amharcaimis ar na Weatherbies agus iad ag taispeáint dúinn an dóigh lenár lorg carbóin a laghdú agus amharcaimis fosta ar na Truailleáin agus iad ag taispeáint dúinn na rudaí a mhéadaíonn a Lorg Carbóin. Bíodh spraoi agat ag damhsa agus ag ceol le hamhrán de chuid na Weatherbies darb ainm ‘Lorg Carbóin’. Tá fonn agus rithim aige a fhanfaidh leat agus cuideoidh sé leat tuiscint a bheith agat ar an tábhacht a théann le cuidiú a thabhairt don timpeallacht.
Duration:
This clip is from
More clips from Na Weatherbies
![]()
08 Athrú Aeráide
Duration: 07:00
![]()
07 Cruthanna
Duration: 06:21
![]()
06 Na Séasúir
Duration: 08:29
![]()
05 Laethanta na Seachtaine
Duration: 06:00





