
Máire Bhreathnach
Peter Robinson, Deasghnátha Fairí agus Tórramh, An Meánoirthear.
Pléann na hiriseoirí Cathal Mac Coille agus Gráinne Ní Aodha scéalta móra na seachtaine le Máire Bhreathnach. Pléann an painéal an méid a bhí le rá ag Peter Robinson an tseachtain seo agus é ag maíomh le William Crawley nach bhfaighfidh aontachtaithe gach ar mian leo san idirbheartaíocht le Rialtas na Breataine, agus ceistíonn siad cé acu an bhfuil scoilt sa DUP? Léiríonn tuairisc de chuid Ollscoil Uladh go gcuidíonn fairí traidisiúnta Éireannacha le daoine agus iad ag plé leis an bhrón, cluineann muid ón Athair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste i dTír Chonaill, faoi dheasghnátha fairí agus tórramh. Tá aontú idir Iosrael agus Hamas sos cogaidh a chur i bhfeidhm an tseachtain seo le gialla a scaoileadh saor ar an dá thaobh den choimhlint. Pléann an painéal an scéal is úire.
Journalists Cathal Mac Coille and Gráinne Ní Aodha discuss the major news stories of the week with Máire Bhreathnach. The panel discuss Peter Robinson’s comments as he tells William Crawley that unionists won’t get all they want in the latest negotiations with the British Government, and ask if there is a split in the DUP? A University of Ulster report finds that traditional Irish wakes help people dealing with grief, we hear about wake and funeral rituals from Father Brian Ó Fearraigh, a parish priest in Donegal. Israel and Hamas have come to an agreement to release hostages on both sides of the conflict. The panel discuss the latest on this developing story.
An craoladh is déanaí
Craoladh
- Céad 22 Samh 202319:30BBC Radio Ulster & BBC Radio Foyle