
Caoimhe Chats Ní Chathail
Oireachtas na Samhna: An Chéad Ghlúin Eile, Cluasa Capaill ar an Rí, Réalta Óg. A special programme celebrating the Oireachtas na Samhna festival.
Is beirt deirfiúracha iad Étáin agus Máire Ní Churraoin as Gaeltacht Ráth Chairn, Contae Na Mí, agus le chéile, ceolann siad faoin ainm ardáin An Chéad Ghlúin Eile. Insíonn siad do Chaoimhe faoin phaisean atá acu don cheol, don teanga agus don Ghaeltacht as a dtagann siad, agus sceitheann siad an rún cé acu deirfiúr atá níos mó comórtas amhránaíochta faoi-aois bainte acu i gcaitheamh na mblianta ag Oireachtas na Samhna! Fosta, cluinimid amhrán galánta uathu, taifeadta go heisiach do BBC Gaeilge. Faigheann muid léirmheas ó Dháithí (10), Meidhbhín (7), Eilidh (5) agus Daidí s’acu, Fiachra Ó Donnghaile, ar Cluasa Capaill ar an Rí, a bhain an Gradam Réics Carló i mbliana. Labhraíonn Caoimhe le Donncha Ó Murchú a bhain an duais do Réalta Óg na Bliana ag na Gradaim Chumarsáide oíche Mháirt. Agus tá réamhbhlaiseadh againn ar Blas Ceoil na hAoine le Caoimhe Ceol – beidh cuideachta ag Caoimhe!
Sisters Étáin and Máire Ní Churraoin, from the Ráth Chairn Gaeltacht in County Meath, sing together as An Chéad Ghlúin Eile. They chat to Caoimhe about their passion for music, the language, and the Gaeltacht, and spill the beans over which sister has brought home more silverware over the years at the Oireachtas na Samhna singing competitions. They also give us a beautiful performance recorded exclusively for BBC Gaeilge. Children’s book Cluasa Capaill ar an Rí, winner of this year’s Gradam Réics Carló at the Oireachtas publishing awards, gets a big thumbs up from the Ó Donnghaile family reviewers – Dáithí (10), Méidhbhín (7) and Eilidh (5) along with Daddy, Fiachra. We hear from Donncha Ó Murchú, winner of this year’s Réalta Óg award, in an interview recorded at the Gradaim Chumarsáide media awards. And we get a preview of Friday’s special Oireachtas na Samhna edition of Blas Ceoil.
An craoladh is déanaí
Tuilleadh eagrán
Ar aghaidh
Craoladh
- Déar 28 DFómh 202119:03BBC Radio Ulster & BBC Radio Foyle