
Blas na Bruiséile
Labhraíonn Máire le haistritheoirí agus ateangairí na Gaeilge sa Bhruiséal.
Máire chats to translators and interpreters working through Irish in Brussels.
Tá ár nGaeil óga ag imeacht trasna na dtonnta go croílár na hEorpa ach ní Imeacht na nIarlaí atá ann na saolta seo ach Imeacht na nAistritheoirí! Labhraíonn Máire Bhreathnach le beirt iarchomhghleacaithe dá cuid sna meáin chumarsáide atá anois ag obair leo sa Choimisiún Eorpach sa Bhruiséal, sin iad Tomaí Rua Ó Conghaile agus Ian Mac Murchaidh, agus le hÓrla Nic Ruairí, aistritheoir eile de bhunadh Ard Mhacha a bhfuil an obair chéanna ar bun aici. Agus i gcuideachta an triúr sin i stiúideo an BBC sa Bhruiséal, tá Róisín Abbott, bean a bhfuil ar a cumas aici aistriúchán a dhéanamh fosta ach atá anois gafa den chuid is mó leis an ateangaireacht chomhuaineach i bParlaimint na hEorpa, áit a mbíonn sí ag plé le Fraincis, Gearmáinis agus Béarla chomh maith leis an Ghaeilge.
In the heart of Europe, talented young Irish speakers are plying their trade as translators in the European institutions. From the BBC studios in Brussels, Máire Bhreathnach is joined by two of her former colleagues in the media, Tomaí Rua Ó Conghaile and Ian Mac Murchaidh, and their fellow Armagh native Órla Nic Ruairí, all of whom are now working in translation at the European Commission. Joining them is Corkwoman Róisín Abbott, who is mainly working as a simultaneous interpreter in the European Parliament, in French, German, Irish and English.
An craoladh is déanaí
Craoladh
- Céad 11 Márta 202019:03BBC Radio Ulster & BBC Radio Foyle