
Oíche Dhrámaíochta ar an Ómaigh; Féile na Gealaí; Oíche Chultúir 2017
Oíche Dhrámaíochta ar an Ómaigh; Féile na Gealaí; Oíche Chultúir 2017. Drama night in Omagh; Féile na Gealaí; Culture Night 2017.
Cuireann Dáithí Ó Muirí fáilte isteach sa stiúideo roimh Edel Ní Churraoin le labhairt faoi Fhéile Na Gealaí, féile cheoil a bheas ag titim amach i nGaeltacht Ráth Chairn ón 16 go dtí an 18 Meitheamh. Tá tuairisc ag Niamh Nic Oistigín ón Oíche Dhrámaíochta ar an Ómaigh ar na mallaibh, ina raibh Scoil na mBráithre Críostaí agus Aisteoirí na hÓmaí lárnach. Agus tá an t-eolas uilig ag Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail le hOireachtas na Gaeilge faoi dtaobh den mhaoiniú atá ar fáil don té atá ag iarraidh imeacht cultúrtha trí mheán na Gaeilge a reachtáil ar Oíche Chultúir 2017 i mí Meán Fómhair na bliana seo.
Dáithí Ó Muirí welcomes Edel Ní Churraoin into the studio to give us the lowdown on Féile Na Gealaí, a music festival in the Ráth Chairn Gaeltacht in Co Meath from 16th-18th June. Niamh Nic Oistigín has a report from the Drama Night at the Shrule Arts Centre in Omagh, featuring CBS Omagh and Aisteoirí na hÓmaí. And Majella Ní Chríocháin of Oireachtas na Gaeilge joins us from Casla, Conamara, with all the information on how to apply for funding to put on a cultural event through the medium of Irish for Culture Night 2017.
An craoladh is déanaí
Gearrthóg
![]()
Oíche Dhrámaíochta ar an Ómaigh
Fad: 06:19
Craoladh
- Máirt 30 Beal 201719:03BBC Radio Ulster & BBC Radio Foyle
