Mo Chuid Léinn
Ar Ais go hÉirinn
Vox Hiberniae. Glór na nGael.

Impímid ort, a ógánaigh naofa, theacht a shiúl inár measc arís.

Maith mo mhadadh. An bhfuil a fhios agat go ndearnadh brionglóid dom go raibh muintir na hÉireann ag glaoch orm dul ar ais chucu? (Ceann an mhadaidh á thochas aige.) Bhí mé i mo sclabhaí in Éirinn fadó. Cad é atá i gceist?

An té a fuair bás ar do shon, is é atá ag caint leat.

Canis, a mhadaidh, tá a fhios agam cad é a chaithfeas mé a dhéanamh. Ba mhian le Dia mé filleadh ar Éirinn. Tá obair aige dom ansin. Caithfidh mé slán a a fhágáil ag mo mhuintir – agus agatsa. Caithfidh mé fáil amach cé a thiocfas in éineacht liom – nó ní mór dúinn imeacht agus seoladh siar láithreach.

Mo mhuintir. Tá a fhios agaibh go gcaithfidh mé sibh a fhágáil agus filleadh ar an tír ina raibh mé i mo sclábhaí. Anois is i seirbhís Dé atá mé agus caithfidh mé bheith umhal dó agus filleadh ar mhuintir na hÉireann. Beidh cumha an domhain orm in bhur ndiaidh agus beidh mé ag smaoineamh oraibh agus mé ag paideoireacht. Go mbeannaí Dia dhaoibh.

BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.