M’oidhreacht
Miotais agus Seanchas
Is i ndiaidh mo bháis a thosaigh na scéalta iontacha fúm! Seo a leanas beirt de na cinn is coitianta- agus cuimhnigh nach fíorscéalta iad seo.
Cá mhéad agaibh a chuala an scéal gur mise a dhíbir na nathracha nimhe uilig as Éirinn? Chuala mé féin gur thug mé na nathracha nimhe uilig le chéile, gur chuir mé i mbosca iad agus gur chaith mé an bosca isteach san fharraige. Sin an fáth nach bhfuil aon nathracha nimhe in Éirinn inniu agus a mbíonn Muir Éireann garbh mar go mbíonn na nathracha nimhe ag iarraidh fáil amach as an bhosca!
Caitheann a lán daoine craobhóg den tseamróg ar an 17ú lá de Mhí an Mhárta as siocair go gcreidtear gur bhain mé úsáid as an tseamróg chun an creideadh a chraobhscaoileadh. Bíonn trí dhuilleog ag an tseamróg cé nach bhfuil ann ach an t-aon phlanda amháin. Tá trí pháirt ag Dia – an Tríonóid (Athair, Mac agus Spiorad Naomh) – ach aon Dia amháin atá ann. Níl fianaise ar bith ann go ndearna mé riamh seo – ach is bealach úsáideach é chun cuimhneadh ar an Tríonóid.

BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.