M’oidhreacht
Mainistreacha
Chuaigh roinnt Éireannach isteach sna manaigh. Chaith siad a saol go simplí, á dtabhairt féin suas do Dhia.
Blianta fada ó shin, chónaíodh manaigh i mainistreacha beaga ceann tuí déanta d’adhmad. Ní raibh aon tithe cloiche ann ag an am – agus is ina dhiaidh sin a tógadh na cloigthithe. Bhí eaglais ag na mainistreacha agus tithe screaptra inar scríobhtaí na láimhscríbhinní agus seomra bia ar a dtugtaí ‘proinnteach.’ Ba ghnách leis na manaigh dul a luí i mbothóga cruinne a bhí cosúil le coirceoga agus ar a dtugtaí ‘cealla.’
Ionaid mhóra léinn a bhí sna mainstreacha agus is sna mainistreacha fosta a cuireadh le chéile ealaíona agus ceardaíocht. D’fhág cuid de na manaigh Éire le dul thar lear ina misinéirí agus mainistreacha a bhunú. Is féidir cuairt a thabhairt go fóill ar láithreáin chuid de na mainistreacha tábhachtacha in Éirinn, mar shampla, Daimhinish agus Mainistir Bhuithe agus na fothracha ag an Aondroim.

BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.