
Leis na gníomhaíochtaí ar-líne agus as líne, is féidir le páisití roinnt nascanna traschuraclaim a leanúint a bhfuil baint acu leis na hábhair seo a leanas: 'An Domhan Thart Orainn' (Stair, Tíreolaíocht agus Eolaíocht), Matamaitic agus Uimhríocht, Na hEalaíona agus Teanga agus Litearthacht.
Is iad na téamaí 'Smaointe le haghaidh Foghlama Ceangailte' ná: 'Cá Bhfuil Cónaí Orm?', 'Ag Smaoineamh ar an Am atá Thart', 'Féilte agus Ceiliúradh'.
Tá seacht gcuid san acmhainn Turas Naomh Pádraig – tugtar forbhreathnú de gach gníomhaíocht, gníomhaíochtaí ranga féideartha agus briseadh síos den chomhlíonadh le Curaclam Thuaisceart Éireann thíos.
San Áireamh:
Éire Cheilteach | An Luath-Chríostaíocht |Ogham
Cur Síos Gairid:
Sa rannóg seo tá gar-intreoir chuig an saol in Éirinn 1500 bliain ó shin, le tuairiscí faoi Éirinn i ré na gCeilteach agus cad é mar a mhair daoine, cad é mar a rinne siad adhradh agus teagmháil.
Físeáin:
Tá gearrthóg (i mBéarla) ar chlocha Oghaim a chuireann páistí ar an eolas faoin chéad chineál scríbhneoireachta a bhí ann in Éirinn, atá le fáil in áiteanna sa tír go fóill. Sula bhfeiceann na páistí an ghearrthóg, iarr orthu bheith ag éisteacht amach do láithreán an Chloch Oghaim – beidh an t-eolas seo uathu níos déanaí.
Deis Foghlama Gníomhaí:
1 PLÉ AGUS GNÍOMHAÍOCHT FAOIN OGHAM: díospóireacht ghinearálta faoi mhodhanna éagsúla cumarsáide – déan plé ar an bhéaloideas a d'úsáid daoine le heolas a roinnt sula raibh aon scríbhneoireacht ann, agus an t-athrú a tháinig ar na scéalta ráite seo. Imir cluiche 'Chinese Whispers' leis an rang le béim a chur ar an phointe seo, agus cuir in iúl don rang gur dócha gur athraíodh na scéalta faoin Naomh Pádraig sa dóigh chéanna thar am.
Iarr ar na páistí léarscáil na tíre a tharraingt agus an áit inar aimsíodh an chloch Oghaim ón ghearrthóg a chur ar an léarscáil. Déan grúpaí den rang agus iarr orthu taighde a dhéanamh ar an idirlíon le láithreáin eile chloch Oghaim a aimsiú agus a chur ar an léarscáil. Féach ar ár leathanach Nascanna Idirlín. Leis an ghníomhaíocht a fhorbairt, is féidir iarraidh ar na páistí faid na láithreán óna chéile a oibriú amach.
2.LEATHANACH OIBRE FAOI CHLOCHA OGHAIM – Is féidir le páistí a gcuid teachtaireachtaí féin a chumadh agus a oibriú amach. Tá an eochair agus an leathanach oibre le híoslódáil ón leathanach Ogham.
Nascanna Curaclaim:
Smaointe le haghaidh Foghlama Ceangailte: 'Ag Smaoineamh ar an Am atá Thart'
Nascanna Traschuraclaim: 'An Domhan Thart Orainn' (Stair, Tíreolaíocht)
Scileanna an Churaclaim Iomláin: Cumarsáid | Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta
San Áireamh:
AIMSIGH NA FÍRICÍ
Cur Síos Gairid:
AIMSIGH NA FÍRICÍ: Is é sprioc na gníomhaíochta seo ná fíricí a idirdhealú ó eolas bréagach faoi Naomh Pádraig. Thar na blianta bailíodh cnuasach de mhiotais faoi Phádraig, agus beidh páistí in ann iad seo a dhíbirt. Beidh an ghníomhaíocht seo mar spreagadh do dhíospóireacht ranga chomh maith.
Físeáin:
Físeán ar bith.
Deis Foghlama Gníomhaí:
1. AIMSIGH NA FÍRICÍ – fíricí a idirdhealú ó eolas bréagach faoi Naomh Pádraig.
2. DÍOSPÓIREACHT RANGA: cuir tús le plé ginearálta faoin chuma a bheadh ar Naomh Pádraig agus na héadaí a chaitheadh sé. Cuir na páistí i mbun pictiúr de Phádraig Naofa a chruthú. Thiocfadh leis na páistí a gcuid obair ealaíne a chur isteach don ghailearaí ar an suíomh Turas Naomh Pádraig. Léigh na coinníollacha iontrála le tuilleadh eolais a fháil.
Leis an ghníomhaíocht seo a fhorbairt, iarr ar na páistí faoi na cineálacha ábhair a bheadh ar fáil sa cúigiú haois le héadaí, seodra agus smideadh a dhéanamh. Amharc ar an nasc chuig an Treoir Eádaí Ceilteacha. Iarr ar na páistí píosa seodra ón chúigiú haois a dhearadh.
Is féidir leis na páistí foghlaim faoin eolaíocht phlándaí – an dóigh ar baineadh dathanna ó phlandaí le ruamanna a sholáthar do smideadh agus d'éadaí.
Nascanna Curaclaim:
Nascanna Traschuraclaim: Na hEalaíona | 'An Domhan Thart Orainn' (Stair, eolaíocht)
Scileanna an Churaclaim Iomláin: Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta
San Áireamh:
An Bhreatain Rómhánach | Mo Shaol sa Bhaile | Laethanta Scoile | An Laidin | Beochan 1: 'Fuadach' | Tráth na gCeist 1
Cur Síos Gairid:
Foghlaimeoidh na páistí faoi shaol Phádraig sa bhaile agus é ag fás aníos sa Bhreatain Rómhánach 1500 bliain ó shin. Gheobhaidh siad léargas ar a shaol baile agus scoile, foghlaimeoidh siad faoin Laidin agus faoin tionchar atá ag an tseanteanga sin orainn go fóill.
Tá beochan sa rannóg seo faoi fhuadach Phádraig agus a theacht go hÉirinn mar sclábhaí.
Ag deireadh na rannóige tá quiz ann le dul siar ar a bhfuil foghlamtha ag na páistí agus lena bhforás a mheas.
Físeáin:
BEOCHAN 1: 'FUADACH' – scéal ghabháil Phádraig agus an dóigh a dtáinig sé go hÉirinn den chéad uair.
Deis Foghlama Gníomhaí:
1. GNÍOMHAÍOCHT LAIDINE – foghlaimeoidh na páistí roinnt téarmaí Laidine.
2. QUIZ 1
3. DRÁMA AGUS DÍOSPÓIREACHT RANGA: Cuir script an dráma 'Fuadach' agus an leathanach oibre dráma i gcló. Is féidir leis an rang an dráma a chur i láthair do lucht féachana, agus díospóireacht a thosú faoin sclábhaíocht agus dearcadh na ndaoine éagsúla a raibh baint acu le fuadach Phádraig: Pádraig é féin, a theaghlach, na creachadóirí agus máistir Phádraig.
Thig leis na páistí a gcuid ceoil féin a chumadh don dráma chomh maith.
Nascanna Curaclaim:
Smaointe le haghaidh Foghlama Ceangailte: 'Ag Smaoineamh ar an Am atá Thart' | Cá Bhfuil Cónaí Orm
Nascanna Traschuraclaim: 'An Domhan Thart Orainn' (Stair) | Na hEalaíona | Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Scileanna an Churaclaim Iomláin: Cumarsáid | Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta
San Áireamh:
I Mo Thréadaí | Déan Lonnaíocht Cheilteach | Beochan 2 – Éalú as Éirinn | Tráth na gCeist 2
Cur Síos Gairid:
Déantar codarsnacht idir Éire agus an Bhreatain, agus léirítear na difríochtaí idir saol Phádraig sa bhaile agus an tír aisteach seo, a bhfuil daoine, tírdhreach agus teanga éagsúil inti
Is féidir le páistí LONNAÍOCHT CHEILTEACH A THÓGÁIL sa chuid seo – tá orthu éisteacht le 12 píosa eolais, a bhfuil ocht gcinn acu fíor agus ceithre cinn bréagach. Caithfear a oibríu amach cad iad na cinn atá fíor agus iad a chur sa lonnaíocht. Nuair a chuirtear píosa ceart den lonnaíocht isteach, cuirtear seo in iúl trí ghluaiseacht agus dath ag teacht ar an phictiúr.
Ag deireadh na gníomhaíochta faightear dhá ghearrthóg físe a chuireann síos ar struchtúr rátha agus crannóige.
Físeáin:
Deis Foghlama Gníomhaí:
1. DÉAN LONNAÍOCHT CHEILTEACH – léargas ar an saol Ceilteach 1500 bliain ó shin.
2. PLÉ RANGA - i ndiaidh don rang an gníomhaíocht 'lonnaíocht Cheilteach' a chríochnú, pléigh an saol 1500 bliain ó shin leis na páistí. Iarr orthu tuairisc nuachtáin a scríobh ag cur síos ar an saol seo agus na daoine a mhair le linn an ama – na tithe a bhí acu agus an dóigh ar shaothraigh siad a mbeatha.
3. Quiz 2
Nascanna Curaclaim:
Smaointe le haghaidh Foghlama Ceangailte: 'Ag Smaoineamh ar an Am atá Thart' | Cá Bhfuil Cónaí Orm
Nascanna Traschuraclaim: 'An Domhan Thart Orainn' (Stair agus Tíreolaíocht) | Teanga agus Litearthacht
Scileanna an Churaclaim Iomláin: Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta
San Áireamh:
Gloine Dhaite | Beochan 3 – 'Ar Ais go hÉirinn' | Tráth na gCeist 3
Cur Síos Gairid:
Úsáidtear íomhá na gloine daite mar mheafar le cur in iúl go léirítear scéalta ón Chríostaíocht mar seo in amanna. Tá sé phainéal liath ann, agus iarrtar ar na páistí cliceáil ar na painéil leis an scéal a chluinstin agus le dath a chur ar na pictiúir.
Físeáin:
BEOCHAN 3 – AR AIS GO hÉIRINN – Déantar brionglóid do Phádraig ina bhfuil an t-aingeal Victoricus, agus cluineann sé Glór na nGael, ag impí air teacht ar ais go hÉirinn. Éisteann Pádraig leis an teachtaireacht agus fágann sé slán ag a theaghlach don dara huair, le filleadh ar Éirinn.
Deis Foghlama Gníomhaí:
1. GNÍOMHAÍOCHT NA GLOINE DAITE – saol Phádraig mar scoláire agus a theacht chun an bhaile arís.
2. TRÁTH NA gCEIST 3
3. AG DÉANAMH GLOINE DHAITE – Iarr ar na páistí sraith painéal a tharraingt le brionglóid Phádraig a léiriú. Thiocfadh leat na pictiúir seo a chur ar chairtchlár agus a ghearradh amach agus fuinneog dhaite a dhéanamh le cumhdaigh daite ó mhilseáin don ghloine. Cuir suas i bhfuinneog an tseomra ranga nó sa bhaile é le go dtiocfadh solas na gréine tríd an phlaisteach.
Thig leat griangraf a ghlacadh agus é a sheoladh isteach chuig an suíomh BBC Turas Naomh Pádraig – féach ar choinníollacha iontrála. (Note to Richard to link to Gallery Page)
Nascanna Curaclaim:
Smaointe le haghaidh Foghlama Ceangailte: 'Ag Smaoineamh ar an Am atá Thart'
Nascanna Traschuraclaim: 'An Domhan Thart Orainn' (Stair) | Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint – An Chríostaíocht | Na hEalaíona
San Áireamh:
Turas Naomh Pádraig | Beochan 4 – Deireadh mo Shaoil | Tráth na gCeist 4
Cur Síos Gairid:
In Éirinn san am i láthair atáimid don rannóg seo, agus léirítear Pádraig ar léarscáil idirghníomhach, ag cur fáilte roimh na páistí teacht ar thuras leis chuig deich gceann scríbe. Caithfidh na páistí na háiteanna a aimsiú ceann i ndiaidh an chinn eile, agus nuair a éiríonn leo tugann an léarscáil íomhánna nó gearrthóga físe nó fuaime a bhfuil baint acu leis an áit sin.
Físeáin:
Gearrthóga faoi:
ANIMATION 4 – FINAL DAYS – Sa bheochan deireanach seo taispeántar scéal an oisín agus an áit a roghnaigh Pádraig dá phríomheaglais. Léirítear laethanta deiridh Naomh Pádraig agus a Fhaoistin. Feictear an miotas faoi bhás Naomh Pádraig fosta, gur tharraing daimh cairt a raibh a chorp uirthi agus gur cuireadh é san áit ar stop siad.
Deis Foghlama Gníomhaí:
1. TURAS NAOMH PÁDRAIG – gníomhaíocht léarscáile idirghníomhaí
2. Leathanach Oibre - Léarscáil
Nascanna Curaclaim:
Smaointe le haghaidh Foghlama Ceangailte: 'Ag Smaoineamh ar an Am atá Thart' | Cá Bhfuil Cónaí Orm
Nascanna Traschuraclaim: 'An Domhan Thart Orainn' (Stair agus Tíreolaíocht) | Matamaitic agus Uimhríocht
Scileanna an Churaclaim Iomláin: Ríomheolaíocht
San Áireamh:
Faoistin | Mainistreacha | Traidisiúin | Miotais agus Seanchas | Tráth na gCeist 5
Cur Síos Gairid:
Foghlaimeoidh páistí faoi Fhaoistín Naomh Pádraig agus faoina litir chuig Coroticus, agus faoi Leabhar Ard Mhacha, a bhfuil an dá lámhscíbhinn seo ann. Pléitear roinnt de na miotais agus den seanchas a bhaineann le Pádraig agus lena oidhreacht.
Físeáin:
Deis Foghlama Gníomhaí:
1. Tráth na gCeist 5
2. LOGAINMNEACHA – iarr ar na páistí taighde a dhéanamh ar logainmneacha agus ainmneacha scoileanna agus eaglaisí a bhfuil 'Pádraig' iontu. Déan plé ar logainmneacha eile agus ar shanasaíocht na bhfocal seo. Thiocfadh leat iarraidh ar na páistí taighde a dhéanamh ar shanasaíocht logainmneacha eile – féach ar ár leathanach Nascanna Idirlín.
3. Iarr ar na páistí taighde a dhéanamh ar idirlíon faoi Leabhar Cheanannais – féach ar ár leathanach Nascanna Idirlín. Iarr orthu roinnt de na litreacha maisithe a chur i gcló chun iad a spreagadh lena gcuid litreacha maisithe féin a chruthú.
Nascanna Curaclaim:
Smaointe le haghaidh Foghlama Ceangailte: 'Ag Smaoineamh ar an Am atá Thart' | Féilte agus Ceiliúradh
Nascanna Traschuraclaim: 'An Domhan Thart Orainn' (Stair, Eolaíocht agus Tíreolaíocht)
Séanadh
Déanann muid seic rialta ar na suíomhanna a mholtar thuas, ach de thoradh go mbíonn an t-idirlíon ag athrú de shíor, tá seans ann gur athraíodh ábhar na suíomhanna i ndiaidh dúinn iad a sheiceáil. Ní ghlacann an BBC freagracht ar bith don ábhar atá ar fáil ar shuíomhanna eachtracha.
BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.