- An Dóigh leis an Suíomh a Úsáid

Fáilte chuig an suíomh 'Turas Naomh Pádraig' do pháistí idir 7 agus 11 bliain d'aois. Cé go bhfuil na hacmhainní seo dírithe ar pháistí, bainfidh daoine fásta sult as an eispéireas idirghníomhach. Seans fosta go mbeidh siad in ann cúpla rud úr a fhoghlaim faoi shaol agus saothar Naomh Pádraig, ardéarlamh na hÉireann.
Tá an suíomh seo ag teacht le Curaclam Thuaisceart Éireann ag Eocharchéim 1 & 2, ag díriú ar 'An Domhan Thart Orainn' agus tá nascanna le ''Teanga agus Litearthacht', 'Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint' agus 'Na hEalaíona'. Is acmhainn solúbtha é an suíomh seo, agus is féidir le páistí é a úsáid leo féin, i ngrúpaí, le haghaidh plé ranga nó gníomhaíochtaí cláir bháin.
Is féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh san eispéireas lena bpáistí. Tabhair cuairt ar ár leathanach Nascanna (http://www.nicurriculum.org.uk/irish_medium/ for link to Irish medium curriculum) le haghaidh sonraí de ghníomhaíochtaí eile.
Tugtar sraith turas foghlama don fhoghlaimeoir óg; ina measc siúd tá gearrthóga beochana, cluichí, tráthanna ceisteanna, físeáin agus gníomhaíochtaí agus moltaí as líne le foghlaim ghníomhach a chur chun cinn agus le forbairt Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta.
Cuirtear na turais foghlama ar fáil do na páistí ar mhodh solúbtha le go dtig leo féin roghnú cén dóigh a dtabharfaidh siad faoina n-eispéireas foghlama:
Nó
Déanann an acmhainn seo tagairt do Churaclam Thuaisceart Éireann ar réimse leibhéal – féach cairteacha Cuspóirí Churaclaim agus Spriocthorthaí Foghlama anseo.
Tabhair cuairt ar ár leathanach Nascanna Curaclaim le smaointe do ghníomhaíochtaí ranga agus le míniú ar an cheangal le Curaclam Thuaisceart Éireann.
Cuirtear roinnt leathanaigh oibre ar fáil leis an fhoghlaim ghníomhach a chur chun cinn:
Is féidir le páistí réimse íomhánna agus graificí a íoslódáil ón Bhunachar Íomhánna le húsáid d'alt nuachtáin a scríobh nó do chur i láthair Powerpoint faoi shaol agus saothar Naomh Pádraig a dhearadh don rang.
Is ardán é an Gailearaí seo d'obair ealaíne páistí.
Agus na páistí ag obair síos tríd an suíomh tiocfaidh siad ar réimse 'eocharfhocal' – tá na focail seo sa ghluais lena stór focal a fhorbairt.
Tabhair cuairt ar ár leathanach Nascanna Idirlín le teacht ar raon suíomh idirlín do pháistí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí atá molta againn.
BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.