BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Sport

Torthaí:

Corn Bhreatnach

Babhta leathcheannais:

Aontroim 2-12 Cill Chainnigh 1-20

Corn Mhic Cionnaith 2009

Cluiche Ceannais

Dún na nGall 2-12 Ollscoil na Ríona 0-11 IAB


Taispeántas eile deimhneach ag iománaithe Aontroma ach bua ag na Cait!

Agus Curaidh na hÉireann, Cill Chainnigh, ar cuairt ag Páirc Mhic Asmaint inné tháinig slua mór amach le tacaíocht a thabhairt do bhuaiteoirí an choirn anuraidh, Aontroim, sa bhabhta leathcheannais den Chorn Bhreatnach. Agus cé gur bhain na Laighnigh sa deireadh thiar is féidir le Curaidh Uladh bheith deimhneach faoin taispeántas a tugadh.

Bhí Aontroim chun tosaigh ag leathama, 1-05/0-08, a bhuí le cúl ó PJ. Ó Conaill (1-01) agus le beaichte Phóil Uí Shiáil (0-05) agus bhí cuma mhaith ar chúrsaí do na hUltaigh. Ach sa dara leath d’aimsigh na Cait giar eile agus nuair a fuair Risteard Ó hÓgáin (1-10) cúl na gcuairteoirí leis an lámh in uachtar a thabhairt do Churaidh na hÉireann, d’imigh cuid mhaith den dóchas.

Mar sin féin, throid buachaillí Aontroma leo le seilbh a fháil ar achan sliotar agus bhí luach a gcuid saothair acu nuair a d’aimsigh Breandán Ó hEaráin cúl leis na foirne a fhágáil ar comhscór. Ach bhí giar eile go fóill ag na Cait agus chuir rabharta de chúilíní deireadh le hiarracht chróga Aontroma – cúig cinn as a chéile a bhain an ghaoth as seolta na nUltach. Dóchas le sonrú arís eile sna taispeántais a thug Pádaí Ó Dochartaigh (0-01), Dan Mac Fhilib (0-02), Síomón Mac Ruairí, Ciarán Mac Ruartaigh, Mícheál Ó hEaráin is Colm Ó Duifinn(0-01). Dúshlán Chill Chainnigh a thabhairt an t-ullmhúchán is fearr sula gcuirtear tús leis an tsraith náisiúnta gan mhoill.

Corn Mhic Cionnaith – briseadh croí ag na mic léinn in am breise agus an corn bainte ag Dún na nGall.

Cúl in achan leath d’am breise a chinntigh bua pheileadóirí Dhún na nGall oíche Shathairn ar an Ómaigh. Ollscoil na Ríona an chéad ollscoil riamh le cluiche ceannais an chomórtais a bhaint amach agus beidh díomá ar leith orthu ar maidin mar beidh a fhios go maith go raibh seansanna acu an cluiche seo a bhaint sa dara leath den chluiche féin. Is cinnte nach raibh na coinníollacha ag teacht le haimsiú scóranna ach mar sin féin bhí trí nó ceithre chic saor ag Ollscoil na Ríona agus ba leor ceann ar bith acu siúd leis an chorn a bhaint, measaim. Ach a luaithe is a d’aimsigh na Conallaigh cúl in am breise ba léir go raibh a bport seinnte ag na mic léinn.

 Chuir Ollscoil na Ríona tús bríomhar leis an choimhlint agus rinne a bheag den ócáid is de na néarógaí. A bhuí le scóranna ó Sheán Ó Néill (0-03), Sheán Leo MacGualraic (0-01) is ó Shéamas Ó Caoilte (0-04) bhí na mic léinn chun tosaigh ar chlár na scór ag leathama [0-08/0-05]. Cé go raibh a sciar féin den imirt ag na Conallaigh bhí an t-ádh dearg orthu nach raibh ach trí chúilín eadarthu ag an sos. Sa dara leath agus an lámh in uachtar acu fá lár na páirce, rinne na Conallaigh an bhearna sin a dhruidim de réir a chéile, a bhuí le cúilíní ó Chiarán Ó Cnáimhsí (0-02), Caoimhín Mac Meanman (0-03), Stiofán Ó Grífín (0-03), Breandán Ó Baoill (0-01) agus ó Éamann Mag Aoidh (0-01). Agus na foirne ar comhscór is gan scór ar bith ag na mic léinn le leathuair, thug dhá chúilín spreagúla ó Sheán Ó Néill an buntáiste do na mic léinn ach thug cúilín cinniúnach ó Niall Mór Ó Gallchóir an cluiche go ham breise [0-10 an taobh].

Ar an drochuair bhí Ollscoil na Ríona gan Ó Néill in am breise as siocair gur bronnadh cárta buí air díreach roimh dheireadh an chluiche féin agus ba chailleadh millteanach é ag na mic léinn a bhí ag streachailt le briseadh fríd chosaint Dhún na nGall le scóranna a fháil. Is beag an t-iontas mar sin gur ‘bhain’ na buaiteoirí am breise 2-2 i gcoinne 0-01. Rián Ó Brolcháin agus Daithí Bhreatnach (1-01) a fuair na cúil – ní bheidh cúl báire na mac léinn, Fearghal Ó Murchú, ag iarraidh amharc orthu sin arís - agus an corn tuillte ag Dún na nGall agus ag an bhainisteoir úr, Seán-Seosamh Ó Dochartaigh sa deireadh thiar. Caithfear ardmholadh mar sin féin a thabhairt d’Ollscoil na Ríona a léirigh mianach agus spiorad a rachaidh go mór chun socair dóibh i gCorn Mhic Shíoghair an mhí seo chugainn.

Corn Mhic Cionnaith 2009

Cluichí Leathcheannais

21ú Eanáir:

Dún na nGall1-14 Ard Mhacha 2-09
An Dún 1-11Ollscoil na Ríona 1-17

Torthaí Grúpa:

Grúpa A: Fear Manach 0-10 Doire 1-07

Ollscoil Uladh 0-13 Dún na nGall 3-14

Dún na nGall 0-10 Fear Manach 1-05

Doire 0-10 Ollscoil Uladh 0-13

Fear Manach 1-11 Ollscoil Uladh 1-09

Doire 0-13 Dún na nGall 0-13

Grúpa B: Coláiste Mhuire 0-10 An Dún 3-16

Muineachán 1-10Coláiste Mhuire 1-13

An Dún 0-16 Tír Eoghain 0-09

Tír Eoghain 3-09Coláiste Mhuire 2-11

Muineachán 1-11 an Dún 1-09

Tír Eoghain 1-18Muineachán 0-17

Grúpa C: Ard Mhacha 0-12 Aontroim 0-10

An Cabhán 0-12 Ollscoil na Ríona 3-13

Ollscoil na Ríona 0-12Ard Mhacha 3-06

Aontroim 0-12 An Cabhán 1-11

Aontroim 1-03 Ollscoil na Ríona 3-17

an Cabhán 1-07 Ard Mhacha 0-09

An tSraith Náisiúnta Peile 2009

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 1: [1 Feabhra]

Roinn 1

Baile Átha Cliath v Tír Eoghain 31 Eanáir
Maigh Eo v Doire
Ciarraí v Dún na nGall
An Iarmhí v Gaillimh

Roinn 2

Corcaigh v An Mhí
Loch Garman v Ard Mhacha
Laois v Cill Dara
Fear Manach v Muineachán

Roinn 3

Ros Comáin v Uíbh Fhailí
Tiobraid Árann v An Dún
Longfort v An Cabhán
An Lú v Luimneach

Roinn 4

Sligeach v Cill Chainnigh
Aontroim v Cill Mhantáin
Londain v Liatroim
Ceatharlach v An Clár
Port Láirge gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 2: [7 Feabhra]

Roinn 4

An Clár v Sligeach
Cill Chainnigh v Aontroim
Cill Mhantáin v Port Láirge
Londain gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 2: [14/15 Feabhra]

Roinn 1

Dún na nGall v Maigh Eo 14 Feabhra
Gaillimh v Baile Átha Cliath
Tír Eoghain v Ciarraí
Doire v An Iarmhí

Roinn 2


Ard Mhacha v Laois 14 Feabhra
An Mhí v Fear Manach 14 Feabhra
Muineachán v Loch Garman
Cill Dara v Corcaigh

Roinn 3

An Dún v An Lú 14 Feabhra
Luimneach v Ros Comáin 14 Feabhra
Uíbh Fhailí v Longfort
An Cabhán v Tiobraid Árann


Roinn 4 Babhta 3

Aontroim v An Clár 14 Feabhra
Sligeach v Liatroim
Port Láirge v Cill Chainnigh
Ceatharlach v Londain
Cill Mhantáin gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 3: [7/8 Márta]

Roinn 1

Dún na nGall v Baile Átha Cliath
Maigh Eo v An Iarmhí
Tír Eoghain v Gaillimh 7 |Márta
Doire v Ciarraí


Roinn 2


Ard Mhacha v Muineachán
An Mhí v Laois 7 |Márta
Corcaigh v Fear Manach
Cill Dara v Loch Garman

Roinn 3

An Dún v An Cabhán 7 |Márta
Luimneach v Tiobraid Árann
Uíbh Fhailí v An Lú
Ros Comáin v Longfort


Roinn 4 Babhta 4

Liatroim v Aontroim
An Clár v Port Láirge
Cill Chainnigh v Cill Mhantáin
Londain v Sligeach
Ceatharlach gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 4: [14/15 Márta]

Roinn 1

Gaillimh v Dún na nGall
Baile Átha Cliath v Doire 14 Márta
Ciarraí v Maigh Eo
An Iarmhí v Tír Eoghain

Roinn 2

Muineachán v Cill Dara
Loch Garman v An Mhí
Laois v Corcaigh 14 |Márta
Fear Manach v Ard Mhacha 14 |Márta

Roinn 3

LongfortvAn Dún
An Cabhán v Luimneach 14 |Márta
Tiobraid Árann v Uíbh Fhailí
An Lú v Ros Comáin

Roinn 4 Babhta 5

Liatroim v Cill Mhantáin
An Clár v Cill Chainnigh
Londain v Port Láirge
Ceatharlach v Aontroim
Sligeach gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 5: [21/22 Márta]


Roinn 1

Dún na nGall v Tír Eoghain 21 |Márta
Maigh Eo v Baile Átha Cliath
Doire v Gaillimh
Ciarraí v An Iarmhí

Roinn 2

An Mhí v Muineachán 21 |Márta
Laois v Fear Manach 21 |Márta
Cill Dara v Ard Mhacha
Corcaigh v Loch Garman

Roinn 3

Luimneach v An Dún
Ros Comáin v Tiobraid Árann
Uíbh Fhailí v An Cabhán
An Lú v Longfort




 Roinn 4 Babhta 6

Aontroim v Londain 21 |Márta
Cill Mhantáin v An Clár
Port Láirge v Liatroim
Sligeach v Ceatharlach
Cill Chainnigh gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 6: [28/29 Márta]

Roinn 1

Tír Eoghain v Doire 28|Márta
Gaillimh v Maigh Eo
Baile Átha Cliath v Ciarraí
An Iarmhí v Dún na nGall

Roinn 2

Muineachán v Corcaigh
Fear Manach v Cill Dara
Loch Garman v Laois
Ard Mhacha v An Mhí


Roinn 3

LongfortvLuimneach 28|Márta
An Cabhán v Ros Comáin
Tiobraid Árann v An Lú
An Dún v Uíbh Fhailí 28|Márta



Roinn 4 Babhta 7

Cill Chainnigh v Liatroim
Cill Mhantáin v Londain
Port Láirge v Ceatharlach 28|Márta
Aontroim v Sligeach 28|Márta
An Clár gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 Babhta 7: [12 Aibreán]


Roinn 1

Maigh Eo v Tír Eoghain
Doire v Dún na nGall
Ciarraí v Gaillimh
Baile Átha Cliath v An Iarmhí


Roinn 2

An Mhí v Cill Dara
Laois v Muineachán
Loch Garman v Fear Manach
Corcaigh v Ard Mhacha


Roinn 3


Ros Comáin v An Dún
Tiobraid Árann v Longfort
Uíbh Fhailí v Luimneach
An Lú v An Cabhán


Roinn 4 Babhta 8

Londain v Cill Chainnigh
Ceatharlach v Cill Mhantáin
Liatroim v An Clár
Sligeach v Port Láirge
Aontroim gan chluiche

An tSraith Náisiúnta Peile 2009 [18 Aibreán]

Roinn 4 Babhta 9


Cill Chainnigh v Ceatharlach
Cill Mhantáin v Sligeach
An Clár v Londain
Port Láirge v Aontroim
Liatroim gan chluiche

Craobh Peile Chúige Uladh 2009

Réamhbhabhta:

Fear Manach v An Dún
17ú Bealtaine Inis Ceithleann

Cluichí Ceathrúcheannais:

Doire v Muineachán
24ú Bealtaine an Pháirc Cheilteach/neodrach

Tír Eoghain v Ard Mhacha
31ú Bealtaine an Ómaigh/neodrach

Fear Manach/An Dún v An Cabhán
6ú Meitheamh Breifne nó Páirc Esler

Dún na nGall v Aontroim
14ú Meitheamh Bealach Féich

Cluichí Leathcheannais:

Tír Eoghain/Ard Mhacha vDoire/Muineachán
21ú Meitheamh ionad le socrú

Dún na nGall/Aontroim vFear Manach/An Dún/An Cabhán
27ú Meitheamh ionad le socrú

Cluiche ceannais: 19ú Iúil

Craobh Iomána Chúige Uladh 2009

Babhta 1

9ú Bealtaine:

Fear Manach v An Cabhán Inis Ceithleann

Dún na nGall v Tír Eoghain Leitir Ceanainn

Ard Mhacha v Muineachán Páirc na Lúthchleas

Babhta 2

17ú nó 24ú Bealtaine:

Londain v Fear Manach /An Cabhán Ruislip

Dún na nGall/Tír Eoghain v Ard Mhacha/Muineachán le socrú

Cluichí Ceathrúcheannais:

31ú Bealtaine, Páirc Mhic Asmaint:

Fear Manach /An Cabhán/Londain v Doire

Dún na nGall/Tír Eoghain/Ard Mhacha/Muineachán v an Dún

Cluichí Leathcheannais

14ú Meitheamh:

Fear Manach /An Cabhán/Londain/Doire

v

Dún na nGall/Tír Eoghain/Ard Mhacha/Muineachán/an Dún

Cluiche Ceannais

28ú Meitheamh:

Fear Manach /An Cabhán/Londain/Doire/Dún na nGall/Tír Eoghain/Ard Mhacha/Muineachán/an Dún

V

Aontroim

Last week 's results

Sport index

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy