BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Sport

Torthaí:

Corn Bhreatnach

Babhta Ceathrúcheannais:

Laois 0-14 Aontriom 1-13

Corn Mhic Cionnaith 2009

Grúpa A: Doire 0-13 Dún na nGall 0-13


Grúpa C: an Cabhán 1-07 Ard Mhacha 0-09

Grúpa B: Tír Eoghain 1-18Muineachán 0-17

Cluichí Leathcheannais

21ú Eanáir:

Buaiteoirí Ghrúpa A [Dún na nGall] v
Dara háit is fearr [Ard Mhacha]

Buaiteoirí Ghrúpa B [An Dún] v
Buaiteoirí Ghrúpa C[Ollscoil na Ríona]

Tús deimhneach ag iománaithe Aontroma. 

Bhí bua ag buaiteoirí an choirn anuraidh, Aontriom, inné in éadan Laoise sa chéad chluiche de Chorn Bhreatnach. Bhí na Laighnigh chun tosaigh ag leathama, 0-09/0-07 ach sa dara leath agus le cóir na gaoithe d’imir na hUltaigh go héifeachtach is bhí luach a gcuid saothair acu sa cheathrú deiridh. D’aimsigh Breandán Ó hEaráin cúl le buntáiste nár chaill siad a thabhairt do Churaidh Uladh agus ba leor sin sa deireadh thiar le tús deimhneach a chur leis an bhliain. Dóchas le sonrú fosta sna taispeántais a thug Pól Ó Siáil (0-08), Pádaí Ó Dochartaigh (0-02) is Ciarán Ó Ceallaigh (0-02). Babhta leathcheannais in éadan Chill Chainnigh an duais anois ar an deireadh seachtaine seo chugainn.

Grúpa A agus áit leathcheannais Mhic Cionnaith bainte ag Dún na nGall.

Chuir peileadóirí Dhún na nGall deireadh leis na cluichí grúpa s’acu agus cluiche cothrom acu ar cuairt ag Doire. An duais anois áit leathcheannais in éadan Ard Mhacha. Níor chaill na Conallaigh cluiche ar bith sa ghrúpa agus ach ab é beaichte Eoin de Brún Dhoire (0-04) sna bomaití deiridh inné i nDún Geimhin bheadh iomlán pointí acu.

Thosaigh Doire go héifeachtach agus bhí chun tosaigh ag leathama, 0-08/0-05, agus imirt mhaith le feiceáil ó Éanna Ó Loinn (0-04) is ó Shéamas Ó Brolcháin (0-04). Ach sa dara leath rug Dún na nGall greim ar chúrsaí agus beaichte Stiofáin Mhic Grífín (0-05) le sonrú. Cé nach raibh seans ar bith ag Doire na babhtaí leathcheannais a bhaint amach agus cé go raibh an grúpa bainte ag Dún na nGall roimh an chluiche fiú, léiríodh sa dara leath nach fada uainn an comórtas mar ba cheart sa tSraith Náisiúnta agus beidh an bheirt bhainisteoir úra, Ó Dochartaigh is Ó Caiside, sásta go maith leis an mhianach a bhí le sonrú sa dara tréimhse sin.

Bua ag Tír Eoghain ach Grúpa B agus áit leathcheannais Mhic Cionnaith bainte ag an Dún.

Cé nach raibh na coinníollacha ag teacht le peil mhaith ar an Ómaigh is sneachta ar na cnoic, coimhlint bhreá, oscailte a fuarthas sa chéad leath go háirithe agus ocht scór déag ann. Tomaí Mac an tSaoir (0-6 sa chéad leath, 0-10 ar fad) is mó a rinne dochar do Mhuineachán ach ba léir na roghanna breise scórála a bhí ag Curaidh na hÉireann. Stiofán Ó Néill (0-05 sa chéad leath, 0-07 ar fad), Seán Caomhánach (0-07 ar fad) agus an fear a fuair an scór cinniúnach sa chéad leath i ndiaidh dá chomrádaí úr lár páirce, Aodhán Ó Caiside, an obair chrua a dhéanamh is pas a thabhairt agus cúl gleoite ag Éanna Mag Fhionnaile (1-01) – scór a rinne difear suntasach ag an sos – Tír Eoghain 1-09 Muineachán 0-08. Lean an imirt mar a bhí sa chéad leath i ndiaidh an sosa, ocht scór déag eile ach níor athraíodh an bhearna agus bua cheithre chúilín ag Tír Eoghain, cé nár leor an bhua le háit leathcheannais a shaothrú. Tír Eoghain go fóill sa dara giar inné, measaim, scéal eile a bheas ann in éadan Bhaile Átha Cliath fá cheann coicíse!

Bua ag an Chabhán ach Grúpa C bainte ag Ollscoil Uladh is áit leathcheannais ag Ard Mhacha fosta.

Le cúilín go díreach a bhuail an Cabhán Ard Mhacha oíche Shathairn agus is cinnte gur ardú meanman atá ann ag na himreoirí agus ag an bhainisteoir úr, an Baile Átha Cliathach, Tomaí Ó Carra. I ndiaidh do mhic léinn Ollscoil na Ríona iad a ghreadadh sa chéad chluiche den chomórtas, tháinig feabhas ar an Chabhán leis an dá chluiche a bhí fágtha a bhaint, an choimhlint seo le hArd Mhacha san áireamh. Mar sin féin níor leor an bhua le háit leathcheannais a shaothrú. Ollscoil Uladh a bhain an grúpa ar mheánscór, Ard Mhacha a sciob an dara háit.

Bhí Curaidh Uladh chun tosaigh ag leathama, 0-04/0-03, a bhuí le scóranna ó Rónán Ó Cléirigh (0-05) is ó Bhrian Ó Mealláin (0-03) ach sa seachtú bomaite den dara leath a tháinig an scór cinniúnach sa chluiche. Bhain Gearóid Mac Piarais an Chabháin (1-05) ceol ceolmhar as eangach Ard Mhacha le cúl iontach agus rinne cúilín mór, fada, cruinn ó Nioclás Breatnach an Chabháin cinnte den bhua spreagúil seo.

Corn Mhic Cionnaith 2009

Grúpa A: Dún na nGall 5
Fear Manach 3
Doire 2
Ollscoil Uladh 2

Grúpa B: an Dún 4
Tír Eoghain 4
Muineachán 2
Coláiste Mhuire 2

Grúpa A: Ollscoil na Ríona 4
Ard Mhacha 4
an Cabhán 4
Aontroim 0

Cluichí Leathcheannais

21ú Eanáir:

Buaiteoirí Ghrúpa A [Dún na nGall] v
Dara háit is fearr [Ard Mhacha]

Buaiteoirí Ghrúpa B [An Dún] v
Buaiteoirí Ghrúpa C[Ollscoil na Ríona]

24ú Eanáir: Cluiche Ceannais

Dún na nGall/Ard Mhacha v An Dún/Ollscoil na Ríona

Torthaí:

Grúpa A: Fear Manach 0-10 Doire 1-07

Ollscoil Uladh 0-13 Dún na nGall 3-14

Dún na nGall 0-10 Fear Manach 1-05

Doire 0-10 Ollscoil Uladh 0-13

Fear Manach 1-11 Ollscoil Uladh 1-09

Grúpa B: Coláiste Mhuire 0-10 An Dún 3-16

Muineachán 1-10Coláiste Mhuire 1-13

An Dún 0-16 Tír Eoghain 0-09

Tír Eoghain 3-09Coláiste Mhuire 2-11

Muineachán 1-11 an Dún 1-09

Grúpa C: Ard Mhacha 0-12 Aontroim 0-10

An Cabhán 0-12 Ollscoil na Ríona 3-13

Ollscoil na Ríona 0-12Ard Mhacha 3-06

Aontroim 0-12 An Cabhán 1-11

Aontroim 1-03 Ollscoil na Ríona 3-17

Craobh Peile Chúige Uladh 2009

Réamhbhabhta:

Fear Manach v An Dún
17ú Bealtaine Inis Ceithleann

Cluichí Ceathrúcheannais:

Doire v Muineachán
24ú Bealtaine an Pháirc Cheilteach/neodrach

Tír Eoghain v Ard Mhacha
31ú Bealtaine an Ómaigh/neodrach

Fear Manach/An Dún v An Cabhán
6ú Meitheamh Breifne nó Páirc Esler

Dún na nGall v Aontroim
14ú Meitheamh Bealach Féich

Cluichí Leathcheannais:

Tír Eoghain/Ard Mhacha vDoire/Muineachán
21ú Meitheamh ionad le socrú

Dún na nGall/Aontroim vFear Manach/An Dún/An Cabhán
27ú Meitheamh ionad le socrú

Cluiche ceannais: 19ú Iúil

Craobh Iomána Chúige Uladh 2009

Babhta 1

9ú Bealtaine:

Fear Manach v An Cabhán Inis Ceithleann

Dún na nGall v Tír Eoghain Leitir Ceanainn

Ard Mhacha v Muineachán Páirc na Lúthchleas

Babhta 2

17ú nó 24ú Bealtaine:

Londain v Fear Manach /An Cabhán Ruislip

Dún na nGall/Tír Eoghain v Ard Mhacha/Muineachán le socrú

Cluichí Ceathrúcheannais:

31ú Bealtaine, Páirc Mhic Asmaint:

Fear Manach /An Cabhán/Londain v Doire

Dún na nGall/Tír Eoghain/Ard Mhacha/Muineachán v an Dún

Cluichí Leathcheannais

14ú Meitheamh:

Fear Manach /An Cabhán/Londain/Doire

v

Dún na nGall/Tír Eoghain/Ard Mhacha/Muineachán/an Dún

Cluiche Ceannais

28ú Meitheamh:

Fear Manach /An Cabhán/Londain/Doire/Dún na nGall/Tír Eoghain/Ard Mhacha/Muineachán/an Dún

V

Aontroim

Corn Mhic Cionnaith 2009

Grúpa A: Fear Manach, Doire, Ollscoil Uladh, Dún na nGall

Grúpa B: Tír Eoghain, Muineachán, Coláiste Mhuire, an Dún

Grúpa A: Ard Mhacha, Ollscoil na Ríona, an Cabhán, Aontroim

Cluichí Leathcheannais:

3ú Eanáir

Grúpa C: an Cabhán v Ollscoil na Ríona

4ú Eanáir

Grúpa A: Fear Manach v Doire

Ollscoil Uladh v Dún na nGall

Grúpa B: Coláiste Mhuire v an Dún

Grúpa C: Ard Mhacha v Aontroim

11ú Eanáir

Grúpa A: Dún na nGall v Fear Manach

Doire v Ollscoil Uladh

Grúpa B: Muineachán vColáiste Mhuire
an Dún v Tír Eoghain

Grúpa C: Ollscoil na Ríona vArd Mhacha
Aontroim v an Cabhán

14ú Eanáir

Grúpa A: Doire v Dún na nGall

Fear Manach v Ollscoil Uladh

Grúpa B: Tír Eoghain vColáiste Mhuire
Muineachán v an Dún

Grúpa C: Aontroim v Ollscoil na Ríona

17ú Eanáir

Grúpa C: an Cabhán v Ard Mhacha

18ú Eanáir

Grúpa B: Tír Eoghain vMuineachán

21ú Eanáir:

Buaiteoirí Ghrúpa A v Dara háit is fearr ó na trí ghrúpa
Buaiteoirí Ghrúpa B v Buaiteoirí Ghrúpa C

24ú Eanáir: Cluiche Ceannais

This week's results

Sport index

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy