Listening exercise - Foundation
Listen to Marc, Orlaith and Dearbhla discussing their pastimes. Choose the correct person for each sentence.
Éist le Marc, Orlaith agus Dearbhla ag plé a gcaitheamh aimsire. Roghnaigh an duine ceart do gach abairt.
Marc
Dearbhla
Orlaith
Question
This person doesn’t enjoy sport.
Marc
Níl suim ar bith agam sa spórt.
I don’t have any interest in sport.
Question
This person loves the outdoors.
Orlaith
Is breá liom bheith taobh amuigh san aer úr.
I love to be outside in the fresh air.
Question
Who likes watching TV?
Dearbhla
Caithim a lán ama os comhair na teilifíse.
I spend a lot of time in front of the TV.
Is fearr liom bheith ag amharc ar chláir faisnéise.
I prefer to watch documentaries.
Question
This person thinks sport is good for you.
Orlaith
Is maith liom an spórt mar coinníonn sé aclaí mé.
I like sport because it keeps me fit.
Transcript
Marc
Is mise Marc. Níl suim ar bith agam sa spórt. Thig liom bheith falsa ó am go ham. Caithim a lán ama os comhair na teilifíse ag amharc ar chláir teilifíse agus ar scannáin. Má théim amach, téim chuig an phictiúrlann den chuid is mó.
I am Marc. I have no interest at all in sport. I can be lazy from time to time. I spend a lot of time in front of the television watching TV programmes and films. If I go out, I go to the cinema for the most part.
Orlaith
Is mise Orlaith. Is breá liom bheith taobh amuigh san aer úr ag déanamh aclaíochta agus ag imirt cluichí nó ag traenáil. Caithim a lán ama gach seachtain ag imirt spóirt. Is maith liom spórt mar coinníonn sé aclaí mé.
I am Orlaith. I love to be outside in the fresh air doing athletics and playing games or training. I spend a lot of time every week playing sport. I like sport because it keeps me fit.
Dearbhla
Is mise Dearbhla. Tá suim mhór agam sa stair. Is fearr liom bheith ag amharc ar chláir faisnéise. Sílim go bhfuil na cláir seo iontach suimiúil. Níl suim agam sa nuacht áfach mar sílim go bhfuil sé iontach leadránach.
I am Dearbhla. I have a big interest in history. I prefer to be watching documentaries. I think these programmes are very interesting. I have no interest in the news however because I think that it is very boring.