Talking about school - Higher
Listen to Shea speaking about his school and studies and fill the gaps with the correct words.
Éist le vlag Shea ag caint faoina scoil agus líon na bearnaí leis na focail chuí.
Question
Shea an t-ainm atá orm agus tá mé ag _____ ar Choláiste Chaitríona agus tá mé i mbliain a ___ ____ anois. Is scoil ______ í do _______ amháin. Tá mo scoil iontach sean __________. Tá sí ______ ar _______ Bhéal Feirste i gContae an Dúin ar ______ an bhaile. Déanaim ______ n-ábhar mar atá: Gaeilge, Béarla, _______, Spáinnis, Teagasc Críostaí, Mata ______, Ríomhaireacht, Tíreolaíocht, ____________ agus Staidéar Feithiclí. Tosaíonn an scoil ar cúig i ndiaidh a _____ agus _______ sí ar leath i ndiaidh a trí gach i_____. Bíonn ______ rang ann gach lá agus an lón san áireamh, ____ chinn ar maidin agus _____ chinn tráthnóna. Maireann an sos ______ mbomaite agus maireann an lón _______. Ithim ceapaire ________ don sos agus siúlaim thart le mo _______. Ithim mo lón sa _______ gach lá agus ansin téim amach go dtí an ______ chun _______ a imirt.
Taitníonn Spáinnis liom mar tá ____ agam sna ________ agus creidim go bhfuil sí __________. Is fuath liom Béarla mar ní réitím leis an __________. In amanna ní _______ le agus ní thugaim aird ar na múinteoirí agus bím i dtrioblóid ó am go ham. Tá _____ na múinteoirí cairdiúil agus _______ ach tá cuid acu measartha _____. Tá an múinteoir Ríomhaireachta iontach ______ ach tá Gaeilge furasta agus is í mo theanga ______ í, mar sin is _______ liom í.
The answers are in bold below.
Shea an t-ainm atá orm agus tá mé ag freastal ar Choláiste Chaitríona agus tá mé i mbliain a haon déag anois. Is scoil ghramadaí í do bhuachaillí amháin. Tá mo scoil iontach sean aimseartha. Tá sí suite ar bhóthar Bhéal Feirste i gContae an Dúin ar imeall an bhaile. Déanaim deich n-ábhar mar atá: Gaeilge, Béarla, Stair, Spáinnis, Teagasc Críostaí, Mata Breise, Ríomhaireacht, Tíreolaíocht, Drámaíocht agus Staidéar Feithiclí. Tosaíonn an scoil ar cúig i ndiaidh a naoi agus críochnaíonn sí ar leath i ndiaidh a trí gach lá. Bíonn deich rang ann gach lá agus an lón san áireamh, sé cinn ar maidin agus trí cinn tráthnóna. Maireann an sos deich mbomaite agus maireann an lón leathuair. Ithim ceapaire cáise don sos agus siúlaim thart le mo chairde. Ithim mo lón sa cheaintín gach lá agus ansin téim amach go dtí an clós chun peil a imirt.
Taitníonn Spáinnis liom mar tá dúil agam sna teangacha agus creidim go bhfuil sí tábhachtach. Is fuath liom Béarla mar ní réitím leis an mhúinteoir. In amanna ní éistim leis na múinteoirí agus ní thugaim aird ar orthu agus bím i dtrioblóid ó am go ham. Tá bunús na múinteoirí cairdiúil agus cuidiúil ach tá cuid acu measartha righin. Tá an múinteoir Ríomhaireachta iontach crosta ach tá Gaeilge furasta agus is í mo theanga dhúchais í, mar sin is breá liom í.