Reading (Higher)
Read this email of complaint to the local council and attempt the questions.
Léigh an ríomhphost gearáin seo agus freagair na ceisteanna .
Céadaoin 6 Iúil 2020
A dhuine uasail,
Tá mé ag scríobh chugat le gearán a dhéanamh faoin ionad dumpála atá in aice le mo theach. Tá mé i mo chónaí faoin tuath, cúig mhíle ar shiúl ón chathair agus tá mo theach suite cúpla céad méadar ón ionad dumpála. Tá bunscoil in aice linn fosta.
Gach lá, tagann leoraithe le gach sórt bruscair go dtí an t-ionad ach titeann a lán bruscair ar an tsráid agus fágann siad é ina luí ansin. Nuair a bhíonn an t-ionad druidte, fágann daoine málaí móra lán de bhruscair taobh amuigh. Ar ndóigh, tagann ainmhithe, go háirithe na madaidh agus na cait agus stróiceann siad na málaí. Scaipeann siad an bruscar thart ar an cheantar. Chonaic mé luchóga móra ag rith thart ar chlós na scoile cúpla uair. Chonaic mo mhamaí luchóga beaga sa ghairdín fosta. Fágann daoine seantroscán, trealamh spóirt, earraí leictreacha, páipéar agus plaisteach gach áit. Níl athchúrsáil ag tarlú ann ar chor ar bith agus tá fearg orm!
Bhí an ceantar álainn tuaithe seo deas glan ach anois tá sé lofa! Tá sé míshláintiúil agus gránna. Caithfidh sibh rud éigin a dhéanamh faoi seo nó scríobhfaidh mé chuig na nuachtáin áitiúla agus náisiúnta agus na meáin chumarsáide.
Ag dúil le scéal a chluinstin uait roimh i bhfad.
Le meas,
Seán Mac an tSaoir
Question
Cén t-ainm atá ar an duine a scríobh an ríomhphost?
Seán Mac an tSaoir
Question
Cá bhfuil sé ina chónaí?
Tá mé i mo chónaí faoin tuath, cúig mhíle ar shiúl ón chathair. - I live in the countryside, five miles away from the city.
Question
Cá bhfuil a theach suite?
Tá mo theach suite cúpla céad méadar ón ionad dumpála. - My house is situated a few hundred metres from the dump site.
Question
Cad é a dhéanann daoine nuair a bhíonn an t-ionad druidte?
Fágann daoine málaí móra lán de bhruscair taobh amuigh. - People leave big bags full of rubbish outside.
Question
Ainmnigh dhá chineál bruscair a fhágann daoine taobh amuigh.
Fágann daoine seantroscán, trealaimh spóirt, earraí leictreacha, páipéar agus plaisteach gach áit. - People leave old furniture, sports equipment, electrical goods, paper and plastic everywhere.
Question
Cad é a bhí sa ghairdín?
Chonaic mo mhamaí luchóga beaga sa ghairdín fosta. - My mum saw mice in the garden as well.
Question
Cén lá agus mí a scríobh sé an ríomhphost?
Céadaoin 6 Iúil 2020 - Wednesday 6 July 2020
Question
Answer true or false.
1. Tá an ceantar breá glan.
2. Níl a lán bruscair ina luí sa cheantar.
3. Tá sé ina chónaí sa chathair.
4. Tá an teach cúig mhíle ón chathair.
5. Chonaic Seán francach.
6. Níl athchúrsáil ag tarlú.
| 1. Tá an ceantar breá glan. | False |
| 2. Níl a lán bruscair ina luí sa cheantar. | False |
| 3. Tá sé ina chónaí sa chathair. | False |
| 4. Tá an teach cúig mhíle ón chathair. | True |
| 5. Chonaic Seán francach. | True |
| 6. Níl athchúrsáil ag tarlú. | True |
| 1. Tá an ceantar breá glan. |
| False |
| 2. Níl a lán bruscair ina luí sa cheantar. |
| False |
| 3. Tá sé ina chónaí sa chathair. |
| False |
| 4. Tá an teach cúig mhíle ón chathair. |
| True |
| 5. Chonaic Seán francach. |
| True |
| 6. Níl athchúrsáil ag tarlú. |
| True |
Translation
Wednesday 6 July 2020
Dear Sir/Madam,
I am writing to you to complain about the dump site which is beside my house. I live in the countryside, five miles away from the city and my house is a couple of hundred metres from the dump site. There is also a primary school beside us.
Every day lorries come to the site with all kinds of rubbish, but a lot of rubbish falls on the street and they leave it lying there. When the site is closed, people leave big bags full of rubbish outside. Of course, animals come, especially the dogs and cats and they tear the bags. They spread the rubbish around the area. I have seen rats running around the school yard a couple of times. My mum saw mice in the garden as well.
People leave old furniture, sports equipment, electrical goods, paper and plastic everywhere. There is no recycling happening at all and I am angry. This beautiful country area was nice and clean and now it is disgusting. It is unhealthy and ugly. You must do something about this or I will write to the local and national newspapers and the media.
Looking forward to hearing from you before long.
Yours sincerely,
Seán Mac an tSaoir