Reading (Higher)
You are considering changing school after your GCSE exams. You read an article by Niamh in which she compares the schools she has attended.
Freastalaím ar The Southern Regional College faoi láthair agus freastalaíonn a lán scoláirí de gach aois ar an choláiste seo. D’fhreastal mé ar Scoil Naomh Labhaoise roimhe seo ach is fearr i bhfad an coláiste mar tá an tsaoirse againn agus is é sin an rud is fearr. Bíonn réimse leathan imeachtaí agus eachtraí éagsúla ag tarlú gach seachtain sa choláiste. Tá níos mó deiseanna chun spóirt difriúla a thriail. Tá an tsólann agus an seomra aclaíochta saor in aisce do na mic léinn, buíochas le Dia. Nuair a bhí mé ar mo sheanscoil, ní raibh a lán scoláirí ann agus mar sin ní raibh a lán imeachtaí gach seachtain. Thig clárú le clubanna agus cumainn am ar bith sa choláiste. Is ball mé den chlub drámaíochta mar a bhí i mo sheanscoil fosta agus cuireann muid dráma ar an ardán uair sa bhliain. Bhí clú ar scoil Naomh Labhaoise mar gheall ar an roinn drámaíochta.
Niamh
Question
An bhfuil Niamh ag freastal ar Scoil Naomh Labhaoise faoi láthair?
The answer is níl - no
Freastalaím ar The Southern Regional College faoi láthair. - I attend The Southern Regional College at present.
Question
Cad é an buntáiste is mó maidir leis an choláiste?
The answer is an saoirse - the freedom
Is fearr i bhfad an coláiste mar tá saoirse againn. - College is much better because we have freedom.
Question
Luaigh dhá rud nach gcaithfidh mic léinn íoc as?
The answer is sólann agus an seomra aclaíochta - the leisure centre and the exercise room
Tá an sólann agus an seomra aclaíochta saor in aisce do na mic léinn. - The leisure centre and exercise room are free to students.
Question
An bhfuil níos mó scoláirí sa choláiste nó i scoil Naomh Labhaoise?
The answer is sa choláiste - in the college
Nuair a bhí mé ar mo sheanscoil, ní raibh a lán scoláirí ann. - When I was at my old school, there weren’t a lot of students there.
Question
Cá háit a ndearna sí drámaíocht?
The answer is SRC agus Scoil Naomh Labhaoise
Is ball mé den chlub drámaíochta mar a bhí i mo sheanscoil. - I am a member of the drama club, as I was in my old school.
Script translation
I attend The Southern Regional College at present and a lot of students of every age group are at this college. I attended St Louise’s School before this but I much prefer the college because we have freedom and that is the best thing. There are a wide range of different activities and events every week in the college. There are more opportunities to try different sports. The leisure centre and the exercise room are free for students. When I was at my old school, there were not a lot of students and therefore there were not a lot of activities every week. You can register with clubs and societies anytime in college. I am a member of the drama club, as I was in my old school, and we put plays on the stage once a year. St Louise’s was renowned because of the drama department.
Niamh