Reading (Higher)
Read the following extract from Mona's description of her holidays. Answer the questions that follow.
Léigh an sliocht seo a leanas as cur síos Mhona ar a laethanta saoire. Freagair na ceisteanna thíos.
An Samhradh sa Ghaeltacht
I mbliana, shocraigh mé féin agus mo chol ceathrair dul chun na Gaeltachta i gCiarraí. Bhí mise ag stopadh i dteach Anne Pheadair agus bhí mo chol ceathrair Cormac ag stopadh i dteach Sarah Mhéidí. Bhí seisear déag ar fad i mo theach, mé féin san áireamh ach ní raibh ach ochtar i dteach Chormaic. Bhí cailíní as Bhaile Átha Cliath, Sligeach, Gaillimh agus Tír Chonaill i mo theach agus caithfidh mé a admháil go raibh craic ar dóigh againn! Bhí fear an tí ar mire… bhí craic ar dóigh againn leis! Bhí sé i gcónaí ag ceol agus thaitin an bia linn fosta.
Labhair muintir na háite iontach gasta agus níor thuig mé gach uile rud ach bhí gasúr amháin a bhí iontach doighiúil. Phóg mé é ar an oíche dheireanach! Rinne muid a lán spóirt uisce ar nós: surfáil, snorcláil, na báid ghasta, snámh agus cadhcáil. Bhí sé iontach te bunús an ama agus rinne muid bolg le gréin ar an trá. D’imir muid cispheil agus iomáint thart ar an choláiste. Bhain Cormac an-sult as fosta agus bhuail sé le daoine ó gach cearn den tír. Ba bhreá liom dul ar ais ar an bhliain seo chugainn.
Question
1) Cá ndeachaigh siad ar laethanta saoire?
go dtí an Ghaeltacht
Shocraigh mé féin agus mo chol ceathrair dul chun na Gaeltachta...
My cousin and I decided to go to the Gaeltacht...
Question
2) Cén contae ina raibh an coláiste lonnaithe?
Contae Chiarraí
dul chun na Gaeltachta i gCiarraí
to go to the Gaeltacht in Kerry
Question
3) Cá mhéad eile a bhí ag stopadh le Mona?
15 / cúigear déag
Bhí seisear déag ar fad i mo theach, mé féin san áireamh...
There were sixteen in total in my house, including myself...
Question
4) Ar réitigh siad le fear an tí?
réitigh
Bhí fear an tí ar mire... bhí craic ar dóigh againn leis!
The man of the house was crazy... we had great craic with him!
Question
5) Luaigh dhá spórt a rinne siad ar an fharraige.
surfáil, snorcláil, na báid ghasta, snámh nó cadhcáil
Rinne muidh a lán spóirt uisce ar nós: surfáil, snorcláil, na báid ghasta, snámh agus cadhcáil.
We did a lot of watersports such as: surfing, snorkelling, speedboating, swimming and kayaking.
Question
6) Cad é mar a tá a fhios agat gur bhain Mona sult as an Ghaeltacht?
Bhí sé iontach te bunús an ama...
It was warm most of the time...
Question
7) Cad é mar a tá a fhios agat gur bhain Mona sult as an Ghaeltacht?
Ba mhaith léi dul ar ais.
Ba bhreá liom dul ar ais ar an bhliain seo chugainn.
I would love to go back next year.

Translation
This year, my cousin and I decided to go to the Gaeltacht in Kerry. I was staying in Anne Pheadair’s house and my cousin, Cormac, was staying in Sarah Mheidí’s. There were sixteen altogether in my house, including myself but there were only eight in Cormac’s house. There were girls from Dublin, Sligo, Galway and Donegal in my house and I must admit that the craic was excellent! The man of the house was crazy… we had great craic with him! He was always singing and we enjoyed the food too.
The locals spoke very fast and I didn’t understand everything but there was one boy who was very handsome. I kissed him on the last night! We did a lot of water sports, for example: surfing, snorkelling, fast boats, swimming and kayaking. It was very warm the majority of the time and we sunbathed on the beach. We played basketball and hurling around the college. Cormac really enjoyed it as well and he met people from every corner of the country. I would love to go back next year.