Future tense Try it yourself

Learn how to put verbs into the future tense.

Part ofIrish – Learners (CCEA)Grammar

Try it yourself

Can you try to complete the passage using both regular and irregular in the future tense?

Question

(Múscail) ____________ mé ar maidin nuair a chluinfidh mé an clog aláraim. Tamall ina dhiaidh sin, éireoidh mé agus (cuir) ____________ mé orm mo chuid éadaí. Ina dhiaidh sin, siúlfaidh mé go dtí an fhuinneog, osclóidh mé na cuirtíní agus (amharc) __________ mé amach. I ndiaidh dom sin a dhéanamh, (téigh) _________ mé go dtí an seomra folctha chun mé féin a ní. Nífidh mé mé féin, glacfaidh mé cithfholcadh, scuabfaidh mé mo chuid fiacla agus cíorfaidh mé mo chuid gruaige. Nuair atá sin déanta agam, rachaidh mé síos staighre go dtí an chistin chun mo bhricfeasta a fháil. Agus mé sa chistin, (ullmhaigh) _____________ mé mo bhricfeasta. De ghnáth, íosfaidh mé calóga arbhair agus cúpla slisín arán rósta. Ólfaidh mé cupán tae nó gloine sú oráiste fosta. Go gairid ina dhiaidh sin, fágfaidh mé an teach le dul ar scoil.

Tosaíonn na ranganna ag ceathrú i ndiaidh a naoi. Rachaidh mé ó rang go rang. Sa seomra ranga, éistfidh mé leis an mhúinteoir, scríobhfaidh mé i mo leabhar nótaí. (freagair) ________ mé an múinteoir agus (cuidigh) ________ mé le mo chairde. Ó am go ham, labhróidh mé Gaeilge. Íosfaidh mé úll nó a leithéid don sos ach íosfaidh mé béile sa cheaintín don lón. Ina dhiaidh sin, rachaidh mé chuig clós na scoile agus (imir) _______ mé peil nó liathróid láimhe le mo chairde. (críochnaigh) ___________ an lá scoile ar leath i ndiaidh a trí. Ní (déan) ______________ mé m’obair bhaile go dtí a seacht a chlog.