Helping others & social issuesReading (Higher)

Helping others is something that we should do every day. Discover different ways of describing helpful actions using a variety of tenses and core vocabulary.

Part ofIrish – Learners (CCEA)Local, national, international and global

Reading (Higher)

Read the following passage about Garbhán’s family and answer the questions which follow.

Gach maidin Dé Sathairn, caitheann gach duine i mo theaghlach roinnt ama ag déanamh obair tí. Ullmhaíonn mo mhamaí ceapairí bagúin agus uibheacha le hanlann donn do gach duine. Is breá linn bricfeasta an tSathairn. Ina dhiaidh sin, imíonn gach duine lena gcuid den obair a dhéanamh. Déanaim féin an folúsghlanadh thuas agus thíos staighre. Thig leis a bheith doiligh go leor mar bíonn éadaí mo dheirféar ina luí ar an urlár de ghnáth. Caithfidh mo dheirfiúr an seomra folctha a ghlanadh ó bhun go barr, an cithfholcadán, an folcadán, an báisín láimhe agus, níos measa ná gach rud eile ... an leithreas! Lofa! Níl mo dheartháir óg ach sé bliana, mar sin, níl sé ábalta ag mórán ach cuireann sé a bhréagáin isteach sna boscaí sa seomra súgartha. Ullmhaíonn mo dhaidí an lón agus an dinnéar mar tá sé fíormhaith ag cócaireacht agus ansin deisíonn sé rudaí atá briste. Déanann mamaí an níochán, glanann sí an seomra suí nó déanann sí obair sa ghairdín. Bíonn gach rud déanta roimh an lón de ghnáth.

Question

Cá mhéad duine atá sa teaghlach?

Question

Cad é an fhadhb leis an fholúsghlanadh?

Question

Ar mhaith le Garbhán an seomra folctha a ghlanadh?

Question

Cad é an obair atá ag a dheartháir?

Question

Cad iad na béilí a dhéanann a athair?

Question

Ainmnigh rud amháin a dhéanann a mháthair?

Question

Cén t-am a chríochnaíonn siad an glantóireacht uilig?

Translation

Every Saturday morning, everyone in my family spends some time doing housework. My mum prepares bacon and egg sandwiches with brown sauce for everyone. We love Saturday breakfast. After that, everyone goes to do their job. I myself do the hoovering upstairs and downstairs. It can be difficult enough because my sister’s clothes are usually lying on the floor. My sister has to clean the bathroom from top to bottom, the shower, the bath, the hand basin, and worse than everything else ... the toilet! My young brother is only six years old and so he is not able for much but he puts his toys into the boxes in the play room. My dad prepares the lunch and dinner because he is very good at cooking and then he fixes things that are broken. Mum does the washing, she cleans the living room or she does work in the garden. Everything is done before lunch usually.