My house Writing (Foundation and Higher)

Can you describe your house, rooms, surroundings, furniture and equipment?

Part ofIrish – Learners (CCEA)Local, national, international and global

Writing (Foundation and Higher)

Can you fill the gaps in the email using the words in the box below?

Líon na bearnaí leis na focail sa bhosca thíos.

áiléar, a fheiceáil, stopadh, cóngarach don, leathmhíle, bungaló, maidin, balla beag, seomra bia, chistin, sheomra leapa, folctha, páirce, chúl, sliabh, os comhair an tí, teachín

A Shinéad, a chara,

Tháinig mé chun na Gaeltachta Dé Sathairn seo caite le mo chol ceathrair, Pádraigín. Tá muid ag _______ i dteach Antain Néidí. Tá an teach _______ ón choláiste agus tá fear an tí agus bean an tí galánta. Faigheann muid bricfeasta gach ______ , dinnéar mór le milseog ag am lóin chomh maith le tae agus suipéar, uilig sa _______ ____ . Bíonn bean an tí i gcónaí ag cócaireacht sa _______. Tá dáréag scoláire ag stopadh sna trí _______ _______ thíos staighre. Bíonn fear an tí agus bean an tí ina gcodladh san ______. Tá ________ gleoite eile taobh leis an teach agus cónaíonn a mac ansin. Tá seomra gréine álainn os comhair an tí chomh maith le cistin mhór, seomra suí agus seomra ______. Is _______ é atá suite i lár na ______ . Níl ach teach amháin eile in aice linn. Tá an fharraige _______ ___ teach fosta ach níl cead againn dul síos gan fear an tí. Tá madadh mór bán séimh acu. Tá ____ _____ bán thart ar an fhaiche agus fásann bean an tí glasraí ar chúl an tí. Tá ______ darb ainm an tEaragail le feiceáil ón teach ach ní thig na hoileáin __ __________. Ó am go ham, bíonn na heitleáin le feiceáil ag teacht agus ag imeacht ón aerfort ag an Charraig Fhionn.

Caithfidh mé imeacht ar ais chuig an choláiste.

Tar ar cuairt chugam le mo mhamaí ag an deireadh seachtaine!

Le grá mór,

Doireann

Answer

A Shinéad, a chara,

Tháinig mé chun na Gaeltachta Dé Sathairn seo caite le mo chol ceathrair, Pádraigín. Tá muid ag stopadh i dteach Antain Néidí. Tá an teach leathmhíle ón choláiste agus tá fear an tí agus bean an tí galánta. Faigheann muid bricfeasta gach maidin, dinnéar mór le milseog ag am lóin chomh maith le tae agus suipéar, uilig sa seomra bia. Bíonn bean an tí i gcónaí ag cócaireacht sa chistin. Tá dáréag scoláire ag stopadh sna trí sheomra leapa thíos staighre. Bíonn fear an tí agus bean an tí ina gcodladh san áiléar. Tá teachín gleoite eile taobh leis an teach agus cónaíonn a mac ansin. Tá seomra gréine álainn os comhair an tí chomh maith le cistin mhór, seomra suí agus seomra folctha. Is bungaló é atá suite i lár na páirce. Níl ach teach amháin eile in aice linn. Tá an fharraige cóngarach don teach fosta ach níl cead againn dul síos gan fear an tí. Tá madadh mór bán séimh acu. Tá balla beag bán thart ar an fhaiche agus fásann bean an tí glasraí ar chúl an tí. Tá sliabh darb ainm an tEaragail le feiceáil ón teach ach ní thig na hoileáin a fheiceáil. Ó am go ham, bíonn na heitleáin le feiceáil ag teacht agus ag imeacht ón aerfort ag an Charraig Fhionn.

Caithfidh mé imeacht ar ais chuig an choláiste.

Tar ar cuairt chugam le mo mhamaí ag an deireadh seachtaine!

Le grá mór,

Doireann