Read the email from Clodagh’s mother below. Try to answer the questions in Irish.
Léigh an ríomhphost ó mháthair Chlodagh thíos. Freagair na ceisteanna i nGaeilge.
Céadaoin 24 Feabhra
A Mhúinteoir,
Tá brón orm nach raibh Clodagh ar scoil inné. Bhí tinneas goile uirthi. Chuaigh muid chuig an ionad sláinte agus thug an dochtúir oideas di. Tá sí ag glacadh leighis dá goile anois agus tá feabhas ag teacht uirthi. D’fhan sí ina leaba i rith an lae agus d’ól sí a lán uisce. Rinne sí an obair bhaile Mata ach ní raibh an t-am aici obair bhaile a dhéanamh don Ghaeilge nó don Stair. Beidh sí ar scoil arú amárach.
Question
Cad é atá ar Clodagh?
Tá tinneas goile uirthi. - She has a stomach ache.
Question
Cá ndeachaigh sí lena mamaí?
Chuaigh muid chuig an ionad sláinte. - We went to the health centre.
Question
Ar thug an dochtúir piollaí di?
Thug an dochtúir oideas di. - The doctor gave her a prescription.
Question
Cad é an deoch a bhí aici?
D’ól sí a lán uisce. - She drank a lot of water.
Question
An ndearna sí an obair bhaile uilig?
Rinne sí an obair bhaile Mata ach ní riabh an t-am aici obair bhaile a dhéanamh don Ghaeilge nó don Stair. - She did the Maths homework but she did not have time to do homework for Irish or History.
Question
Cén lá a mbeidh sí ar ais ar scoil?
Beidh sí ar ais ar scoil arú amárach. Dé hAoine 26 Feabhra - She will be back at school the day after tomorrow. Friday 26 February
Translation
Wednesday 24 February
Dear Teacher,
I am sorry that Clodagh was not at school yesterday. She had a stomach ache. We went to the health centre and the doctor gave her a prescription. She is taking medicine for her stomach now and she is getting better. She stayed in bed all day and she drank a lot of water. She did Maths homework but she did not have time to do homework for Irish or History. She will be at school the day after tomorrow.