Cé Mé Féin?
Aimsigh na Firicí
Is mar Naomh Pádraig is fearr aithne orm, Ardéarlamh na hÉireann. Thig leat Pádraig a thabhairt orm óir ní dhearnadh naomh díom go dtí i ndiaidh mo bháis! Tá pictiúir díom le feiceáil i leabhair agus ar fhuinneoga daite – agus ar an 17ú lá de mhí an Mhárta gach bliain, ceiliúrtar mo shaol le féilte agus oilithreachtaí.
Ach caithfidh mé a rá nach bhfuil aithne cheart ag bunús na ndaoine orm. Bíonn píosaí den fhírinne agus píosaí den bhréagchumadóireacht acu. Uaireanta taispeánann ealaíontóirí mé ag cur an ruaig ar nathracha nimhe as Éirinn – cuireann sin aoibh an gháire orm i gcónaí óir ní raibh riamh nathracha nimhe in Éirinn!
Anois, lean mé agus féach leis na fíricí a aimsiú. Cuimhnigh – is ionann ‘fíric’ agus rud éigin atá fíor agus a tharla go cinnte.

BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.