I Mo Sclábhaí in Éirinn
Éalú as Éirinn
Tá sé chomh maith agat bheith i do throscadh. Ní fada go n-imeoidh tú chuig do thír dhúchais.

Gabhaigí ar ais a chodladh, a chairde lomracha. Caithfidh sé gur ag brionglóideach a bhí mé. Rinneadh brionglóid dom go raibh aingeal ag caint liom.
Bá..
Bá tú féin. Cionn is nár ith mé inné, sin an tuige. Is é mo bholg folamh is cúis leis an bhrionglóideach aisteach seo. Téimis ar ais a chodladh.

Féach, tá do long ar tí imeachta.

Bhuel, mo chairde lomracha, ní thig liom gan aird a thabhairt air seo – teachtaireacht atá ann ó aingeal darb ainm Victoricus. Tá sé i ndiaidh a rá liom go gcaithfidh mé dul ar ais chuig mo thír dhúchais agus go bhfuil bád ag fanacht liom. Tá mé buartha go gcaithfidh mé sibh a fhágáil, a chairde – tá tréan ama caite againn i gcuideachta a chéile ar an mhullach sléibhe seo agus crothnóidh mé sibh. (le brón) Slán agaibh.

B’éigean dom na caoirigh a thréigbheáil agus teitheadh liom ó mo mháistir agus chuir sin isteach orm giota beag – ach bhí a fhios agam go raibh orm bheith umhal don aingeal. Chuir mé cúl leis na cnoic a raibh mé eolach orthu agus d’imigh mé liom i mbéal mo chinn chun teacht ar an long a thabharfadh abhaile mé. Cé go raibh mé in Éirinn anois le sé bliana, ní dheachaigh mé riamh níb fhaide ná tailte mo mháistir agus ní raibh mé eolach ar an tír ar chor ar bith - ach bhí Dia do mo threorú agus ní raibh eagla orm roimh a dhath ar bith.

Shiúil mé liom – thart ar dhá chéad míle – go dtí gur shroich mé an cósta agus bhí long ar tí imeacht chun farraige, faoi mar a d’inis an t-aingeal dom i mo thaibhreamh.

Is é do bheatha. Rinneadh brionglóid dom faoin long seo. D’inis aingeal dom dul ar bord agus go dtabharfá abhaile mé.

Ná déan iarracht ar bith bheith linn.

Siúil leat go gasta mar tá na fir ag scairtigh ort.

Seo linn, tá muid ag cur ár muiníne ionat; déan cairdeas linn dóigh ar bith is maith leat

Is mar sin a tháinig mo thaibhreadh chun fírinne. D’fhag mé laethanta mo sclábhaíochta i mo dhiaidh agus d’éalaigh liom. Ní raibh a fhios agam cad é a bhí i ndán dom – ach bhí a fhios agam go raibh Dia ag tabhairt aire dom. Thaispeáin sé sin dom nuair a sheol sé an t-aingeal chugam i mo bhrionglóideach: agus anois bhí mé ar bord loinge agus ní fada go mbeinn sa bhaile.

BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.