Mo Mhisean in Éirinn
Deireadh mo Shaoil
Is anseo a thógfaidh mé mo phríomheaglais. Thall ansin go díreach, is féidir liom Eamhain Mhacha a fheiceáil chóir a bheith, dún daingean na seanríthe in Ultaibh. Sea, agus dála an scéil, seo an áit a dtagann na draoithe le chéile chun adhradh a dhéanamh. Níl lá amhrais orm gur seo an áit. Droim na sailí.

Ná bíodh eagla ort, a chreatúirín. Siúil leat go bhfeice muid an dtig linn do mháthair a aimsiú.

Siúilfaidh muid anonn go dtí an cnoc úd thall go bhfeice muid an ann atá sí. Tulach na Leice a thugtar air ... Nach greannmhar sin, bheadh sé sin breá fóirsteanach mar láthair eaglaise fosta...

Breathnaigh, a Phádraig –na sluaite Gael atá ag tiontú chun na Críostaíochta agus ag teacht anseo le baisteadh a fháil – rithe agus banphrionsaí, daoine saibhre agus daoine bochta – agus tá a lán eaglaisí curtha ar bun agat. Is é an rud atá mé a mhaíomh go bhfuil an-obair déanta agat ag craobhscaoileadh na Críostaíochta i measc na nGael – ach anois, níl tú óg níos mó. Nach bhfuil scíth de dhíth ort?

Níl mé réidh éirí as go fóill. Caithfidh mé scéal mo bheatha agus mo shaothair a scríobh. An miste leat cleite úr agus roinnt veilleaim a thabhairt chugam? Agus beidh roinnt coinnle agus bolgam maith dúich de dhíth orm nó tá a lán le scríobh agam...

Et haec est Confessio mea antequam morior. Agus seo m’fhaoistin sula bhfaighim bás….

D'inis sé dom gur tháinig aingeal chuige i mbrionglóid agus dúirt leis cad é a bhí le déanamh lena chorp.

Iompróidh na daimh seo a chorp chuig a áit adhlactha: tá fios an bhealaigh acu agus níl le déanamh againn ach iad a leanúint.

Dun-leth-Glaisse. A ionad adhlactha.

Agus mar sin de, deirtear gur anseo a fágadh mo chorp, in áit ar a dtugtar Dún Pádraig sa lá atá inniu ann. Le himeacht aimsire, tugadh cnámha mo chomh-naomh, Colm Cille agus Bríd ann le luí i mo chuideachta agus tá muid triúr inár gcodladh go síochánta san áit shuaimhneach seo. B’fhéidir go dtiocfá féin ar cuairt anseo – beidh fearadh na fáilte romhat.

BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.