Saint Patrick's Journey
Siar

Fuadach

Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den mhaidin uafásach a tháinig na creachadóirí Éireannacha... An bhfuil a fhios agat, tharla sin na blianta fada ó shin ach tá cuimhne agam air dá mba inné a tharla sé.

Bhí mé thart faoi sé bliana dhéag d’aois, is dócha. Bhí mo theaghlach agus ár gcuid searbhóntaí inár gcónaí i dteach mór galánta in aice na trá. Bhí muid uilig inár gcodladh nuair a tógadh callán millteanach taobh amuigh.....

Seo diúlach folláin – gheobhaidh muid praghas maith airsan!

Ná bain dom, lig dom. A Mhamaí! A Dhaidí Á!

Maith go leor – sin a dtig linn a thabhairt linn! Imímis sula gcasann an taoide.

Bhí muid uilig cuachta istigh sa bhád sin. Ní raibh faill suí ná seasamh ann agus bhí an t-uisce ag stealladh isteach thar na taobhanna. Dá rachadh sé go tóin poill, bhí a fhios agam nach mbeinn in ann mé féin a shábháil mar bhí mo lámha agus mo rúitíní ceangailte. Bhí eagla an domhain orm. Soitheach adhmaid a bhí sa bhád – ní raibh aon suíochán inti agus bhí mise brúite síos go dtí tóin an bháid mar a raibh sé crua agus fliuch agus mar a raibh boladh bréan ann. Ní raibh a fhios agam cad é a bhí ar siúl, cá raibh mé ag dul nó an bhfeicfinn mo mhuintir nó mo bhaile arís go deo. Chuala mé iomrá ar na fuadaitheoirí seo roimhe agus bhí a fhios agam gur dóichí go ndíolfaí mé i mo sclábhaí. Níor tharla aon rud eile dom chomh holc leis – agus b’fhada liom an turas mallaithe báid sin.

Seo duit, beir greim ar an rópa sin. Maith go leor, cuirimis iad seo i dtír. Haigh, tusa, a dhuine óig, siúil leat an bealach seo.

Ceart go leor, cé a thabharfas praghas maith ar an cheann seo? Ard, láidir, cár maith fiacla. Beidh an ceann seo ábalta lá crua oibre a dhéanamh do mháistir ar bith. Cé atá ag iarraidh searbhónta óg fir? Níl aige ach Laidin ach tá sé cliste agus tá sé oilte agus ní fada go mbeidh Gaeilge aige.

Glacfaidh mise é. Tá tréadaí a dhíobháil orm le haire a thabhairt do mo chuid caorach. Bhéarfaidh mé praghas réasúnta duit ar an bhuachaill.

Bhuel, rinne mé gnó leatsa roimhe agus tá a fhios agam gur duine ionraic atá ionat. Margadh é. A bhuachaill, an maith leat do mháistir úr?


Cad é an t-ainm atá ort, a bhuachaill?

Patricius.

(a deir sé arís go fonóideach) - Patricius! Fáilte go hÉirinn. (Déanann siotgháire.) Pádraig a thabharfar ort anseo agus beidh an fear seo ina mháistir ort. Ná bí ag tabhairt trioblóid ar bith dó nó mise a bheas ag déileáil leat!

Ceart go leor, a bhuachaill, tá siúl fada romhainn. Buailimis an bóthar.

Bhí an ceart aige faoin siúl fada. Strácáil muid linn ar feadh tamaill an-fhada. Bhí orm siúl i ndiaidh an mháistir nua seo agus mo lámha ceangailte i gcónaí ar eagla go n-éalóinn. Ach ní ligfeadh an eagla dom é sin a dhéanamh cibé ar bith. Ní raibh bóithre ann mar a bhí sa bhaile nó tithe móra nó eastáit tuaithe. Bhí an áit fiáin agus cnocach agus bhí coillte i ngach áit. Chonacthas dom nár fhág muid na crainn riamh inár ndiaidh.

Anois agus arís, chonaic mé tithe beaga adhmaid ceann tuí. Bhí éadaí aisteacha ar na daoine iontu agus bhí teanga á labhairt acu nár chuala mé roimhe. Ní raibh a fhios agam a dhath ach amháin go raibh mé ag imeacht níos faide ar shiúl ó mo bhaile agus ó mo shaol agus ó gach rud a raibh mé cleachtaithe leis le gach aon choiscéim dár shiúil mé.

Anois, a Phádraig, d’íoc mé asat agus tá tú anois i do sclábhaí agam. Is é an dualgas atá ort aire a thabhairt do mo chuid caorach de lá is d’oíche, á gcoinneáil slán sábháilte ar chreachadóirí agus ar ainmhithe fiáine. Caithfidh tú a chinntiú nach n-imeoidh aon cheann acu ar seachrán agus go mbogfaidh tú iad chuig féarach nua mar a mbeidh siad ag innilt. Coimheád na mic tíre!

Gailearaí
Daoine Fásta
Íomhánna
Gluais

BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.

This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.