abacus
cloichíní ar fhráma le cuidiú le cuntas
ardeaglais
foirgneamh atá cosúil le heaglais ach atá níos mó.
bachall
maide maisithe fada a bhíonn ag easpag.
basár
(mar shampla basár eaglaise) ócáid a eagraíonn eaglais le hearraí a dhíol agus airgead a thiomnú.
béaloideas
seanscéalta nó miotais a cuireadh ó bhéal go béal thar na blianta.
an Carghas
40 lá ó Chéadaoin an Luaithrigh go dtí an Cháisc nuair nach n-itheann roinnt Críostaithe bia áirithe le haithris a dhéanamh ar throscadh Íosa Críost.
ceannaí
duine a cheannaíonn agus a dhíolann rudaí le hairgead a dhéanamh.
cill
(i mainistir) seomra beag bídeach gan mórán troscáin.
comóradh
cuimhne a dhéanamh ar dhuine nó ar a ócáid tábhachtach a tharla roimhe.
concaire
duine a dhéanann tír nó daoine eile a chloí; duine a bhaineann.
consain
litir ar bith nach guta í.
curach
bád beag déanta as craicne ainmhithe agus adhmad.
damh
ainmhí atá cosúil le ba nó le buabhaill.
deagánach
duine a chuidíonn le sagart nó le ministir san eaglais.
déantúsán
rud a rinne duine blianta ó shin a thugann léargas ar shaol daoine sa tréimhse sin.
dramhcharn
Seancharn múirín a bhí in aice le tithe na gCeilteach
draoi
sagart fadó a dhéanadh an nadúr a adhradh.
duine léannta
duine a bhfuil an-eolas aige nó aici ar chuid mhór rudaí.
dún
foscadh nó foirgneamh daingean, go minic suite ar chnoc beag, a tógadh le daoine nó le háit a chosaint.
éarlamh
duine naofa a bhfuil baint ar leith aige nó aici le háit, le cuís nó le grúpa daoine.
easpag
sagart nó ministir tábhachtach.
faoistin
peaca nó meancóg a admháil.
fíric
ráiteas atá fíor agus gur féidir a chruthú.
fuadach
duine a ghabháil agus a choinneáil mar phríosúnach.
fuinneog dhaite
gloine dhaite gearrtha ina bpíosaí agus curtha le chéile le pictiúir a dhéanamh, le feiceáil i bhfuinneoga eaglaisí.
An Gorta Mór
tréimhse ocrais agus galair in Éirinn, timpeall 1846 - 1851, nuair a fuair léar mór daoine bás mar gheall ar ghanntanas bia.
gutaí
an cúig litir san aibitir nach consain iad - a, e, i, o, u.
iarsma
rud iontach sean a ba le duine naofa tráth.
impireacht
grúpa tíortha atá faoi smacht ag tír eile nó grúpa daoine.
Impireacht na Róimhe
Grúpa tíortha atá faoi smacht na Rómhánach.
lámhscríbhinní maisithe
scríbhneoireacht galánta a rinne manaigh fadó sula raibh aon chlóphreas ann.
lonnaíocht
áit a gcuireann daoine fúthú.
meigilit
cloch mhór a cuireadh in áit speisialta ag daoine na céadta ó shin.
misinéir
duine a sheolann eaglais chuig áit le hinsint do dhaoine ansin faoi Íosa Críost.
mainistir
áit a bhfuil cónaí ar mhanaigh agus a ndéanann siad adhradh
miotas
scéal nach bhfuil fíor a cumadh blianta ó shin.
muicí
duine a thugann aire do mhuca.
naomh
duine a chreideann Críostaithe a raibh saol iontach cráifeach aige nó aici.
ogham
scríbhneoireacht is sine dá bhfuil ann in Éirinn. Gearradh eangaí ar chloch nó ar adhmad le litreacha a dhéanamh agus teachtaireachtaí a fhágáil.
óisín
fia óg.
oilithreacht
turas a dhéantar do chúis reiligiúnach chuig áit spioradálta.
óráidíocht
Ealaín na cainte poiblí.
págánach
duine nach Críostaí, Giúdach nó Moslamach
proinnteach
seomra mór ina mbíonn daoine ag ithe béilí.
ráth
dún mór ciorclach a tógadh na céadta ó shin le daoine a chosaint.
réalteolaí
duine a dhéanann staidéar ar an ghrian, an ghealach, na pláinéid agus ar na réaltaí.
seandálaí
duine a fhiosraíonn seanfhoirgnimh, uirlisí uaigheanna le heolas a fháil ar shaolta muintir a mhair fadó.
sclábhaíocht
duine atá faoi smacht duine eile agus a mbíonn ag obair go dian don duine.
scoláire
duine a ndéanann cuid mhór staidéir ar ábhar.
spioradálta
cráifeacht daingean a bheith ag duine.
tabhartas
airgead agus earraí a thugtar do charthanacht.
teach screaptra
an seomra i mainistir ina mbíodh manaigh ag obair ar lámhscríbhinní.
tochailt
rudaí a aimsiú sa chré a bhí adhlactha ar feadh blianta.
toga
éadach fada a chaitear timpeall an choirp agus thar ghualainn amháin, a chaith na Rómhánaigh.
torc
fáinne álainn a chaitear ar an sciathán nó ar an mhuinéal, déanta as cré-umha nó as ór.
treibh
grúpa daoine a chónaíonn le chéile san áit chéanna agus a bhfuil an teanga agus na creidimh céanna acu.
Tríonóid
Creideann Críostaíthe go nglacann Dia trí fhoirm: an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naofa.
troscadh
ag staonadh ó bhia ar feadh tamaill.
uaimh thalún
pasáiste faoin talamh i ráth.
uimhríocht
ag cur le chéile, ag baint ar shiúl, ag déanamh iolraithe agus ag roinnt uimhreacha.
veilleam
an t-ábhar ar a scríobh manaigh, déanta as craiceann ainmhíthe.
villa
teach mór a bhí ag Rómhánaigh tábhachtacha.
BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.