ACHT NA GAEILGETugann an tráchtaire Aontachtach, an Dr Ian Macolm, léargas ar dhearcadh an phobail Aontachtaigh i leith na Gaeilge agus ar an dioscúrsa reatha faoin Acht Gaeilge. Unionist commentator Dr Ian Malcolm offers an insight into mainstream Unionist thinking on the Irish language and the ongoing debate surrounding Gaelic legislation. 
Acht na Gaeilge ó thuaidh - bunreachtaíocht a ba cheart a bheith ann i bhfad ó shoin, nó cur amú airgid nach fiú a bheith ann? Is iomaí tuairim a nochtaíodh ó thug an dá rialtas geallúint i gComhaontú Cill Rimhinn go ndéanfaí Acht na Gaeilge a rith ar ball.
Tá BLAS i dtús cadhnaíochta i bhfiosrú na ceiste - anseo sa stiúideó tugann Janet Muller, ceannasaí ar POBAL, a tuairim faoin mhéid a bhí le rá ag Jeffrey Donaldson, DUP, agus Michael Mc Gimspey, UUP. Agus cad é an taithí ó dheas? An tAire Eamon O Cuív a dhreachtaigh is a bhrúigh Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas - nochtann seisean dúinn a thuairim faoin Acht atá á beartú anseo.
Éistimid ar dtús le Maurice Hayes, Seanadóir agus duine acu sin a chuidigh le POBAL ar cheist na hAchta. The dawning of a bright new day or a waste of public money? In light of the promises made at St Andrew's, BLAS takes an in-depth look at the proposals for a new Irish Language Act. We hear from Éamonn Ó Cuív, the Minister behind the Official Languages Act in the south, and Janet Muller is in studio to put forward the recommendations of umbrella group POBAL and to react to the opposition expressed recently by Jeffrey Donaldson of the DUP and Michael McGimpsey of the UUP. But first we hear from Maurice Hayes... 
Various Features Index Blas Homepage |