BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

THE SCIENCE OF THE UNIVERSE

Eolaíocht na Fuaime/The Science of Sound

Sound LevelsBíonn an saol thart timpeall orainne torannach, rud atá amhlaidh ó tháinig an réabhlóid tionsclaíoch sa naoú céad déag. Agus de thairbhe go mbíonn tionchar ag an torann sin orainn, is mithid dúinn a thuiscint cad is rud é torann agus cad é mar is féidir leis dochar a dhéanamh dúinn.

Listen / Éist

Tarlaíonn fuaim nuair a dhéantar creathadh. Má bhuaileann tú clog, mar shampla, bogann taobhanna an chloig amach agus isteach ag ráta áirid. Brúfaidh sin ar na móilíní san aer, brúfaidh siadsan ar mhóilíní eile agus mar sin spréann an creathadh amach go dtí go mbuaileann na móilíní is cóngaraí ar thiompán na cluaise. Má bhíonn minicíocht na fuaime – is é sin an méid uair sa soicind a bhogann móilín ó thaobh go taobh – idir 20 agus 20,000 ba cheart go mbeimis i ndán fuaim a chloisint. Tugtar heirts (Hz) ar chreathadh amháin gach soicind agus mar sin de, deirtear gur féidir le duine fuaimeanna idir 20 Hz agus 20,000 Hz a chluinstin.

Cionnas go gcaithfidh móilíní a bheith ann le creathadh, ní féidir le fuaim taisteal trí fholús; ní thagann fuaim ar bith chugainn ón ghrian, mar shampla. Bíonn luas thart fá thrí chéad mhéadar sa soicind ag fuaim ag dul tríd an aer agus luas i bhfad níos gasta ná sin ag fuaim ag dul trí sholad ar bith. Bhí an ceart go hiomlán ag Indiaigh Dhearga sna scannáin nuair a chuir siad a gcluasa leis an bhóthar iarainn le fail amach an raibh traein ag teacht, nó sin mar ba ghasta a thiocfadh an fhuaim chucu!

Nuair a tharlaíonn splanc tintrí agus toirneach, tagann an solas chugainn ag luas atá chomh gasta sin gur féidir a rá go dtagann sé gan mhoill ar bith. Leanann fuaim na toirní ag ráta i bhfad níos maille; glacann sé cúig shoicind le míle a thrasnú. Mar sin de, nuair a fheicimid splanc, níl le déanamh againn ach cuntas a dhéanamh go measartha malltriallach go gcluinimid an toirneach. Is ionann gach cúig shoicind agus míle idir sinn agus an splanc.

Tá trí dhóigh ina ndéanann fuaim dochar don chluas. Má bhíonn fuaim tobann tréan ann, mar a tharlaíonn i bpléascán, mar shampla, is féidir le tiompán na cluaise scoilteadh. Is éifeacht shealadach í seo agus cneasann an chluas gan mhoill.

De réir mar a bhíonn duine ag éisteacht le fuaimeanna tréana, cailleann sé an ábaltacht minicíochtaí arda a chluinstin. As siocair go mbíonn timpeallacht s’againn chomh tormánach sin is féidir a rá go mbíonn uastheorann gach duine fásta níos ísle ná mar ba cheart. I mo chás féin, ní féidir liomsa fuaimeanna níos airde ná 15,000 Hz a chluinstin. Tá an cás i bhfad níos measa acu siúd a bhí tugtha do bheith ag éisteacht le ceol tréan; íslíonn uastheorann s’acu an oiread sin go gcuireann sé isteach ar an ghnáthéisteacht. Is féidir a rá go mbíonn cuid acu bodhar. Má tá moladh amháin agam is é sin gur cheart do dhuine ar bith fuaimeanna tréana a sheachaint a mhéid agus is féidir. Nuair a íslíonn uastheorann na cluaise, ní bhisíonn sé a choíche.

Agus tá éifeacht eile ag tormán rialta tréan ar an chluas. Is féidir leis damáiste a dhéanamh don chochla, an chuid den chluas ina dtiontaítear fuaimeanna go comharthaí leictreacha sula n-iompraíonn néaróg na cluaise iad chuig an inchinn. Má tharlaíonn an damáiste seo, cluineann an duine fuaimeanna ardmhinicíochta i rith an ama, lá is oíche gan stad gan staonadh. Tugtar tinnitus ar seo agus níl leigheas ann dó.


Níl leigheas an lae inniu ábalta mórán a dhéanamh leis an chluas agus tá an éisteacht an-tábhachtach i dtaca le cumarsáid de. Is mithid dúinn mar sin aire a thabhairt don éisteacht.

Sanas:
Cochla
cochlea
Creathadh vibration
Minicíocht frequency
Móilíní molecules
Tiompán na cluaise ear drum

Tuilleadh eolais:
BBC Ouch
BBC Science and Nature
How Stuff Works

(féach faoi "sound")

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy