THE SCIENCE OF THE UNIVERSE Cruinní comhthreomhara / Parallel Universes Baineann an fhisic leis an domhan thart orainn - an domhan fisiciúil. Scrúdaíonn sí an domhan seo agus baineann sí ciall as. Cruthaíonn sí cothromóidí agus úsáideann sí na cothromóidí le tuilleadh tuigbheála a bhaint as.

Sin mar a bhí, ar aon nós go dtí tús an fhichiú chéid. Shíl eolaithe mór le rá ag an am sin go raibh siad ábalta ciall a bhaint as gach gné den saol seachas cúpla rud. Ach nuair a rinneadh iarracht an cúpla rud beag sin a mhíniú, phléasc an chinnteacht iomlán agus rugadh an fhisic ar a dtugtar fisic chandamach. An rud a ba thábhachtaí a d’fhoghlaim na heolaithe seo ná nach raibh ceangal ar bith idir an fhisic úr seo agus an chiall. Tá an chiall daonna bunaithe ar fhianaise a thagann chugainn ónár gcéadfaí. Ní insíonn ár gcéadfaí rud ar bith dúinn faoi rudaí chomh beag le hadaimh nó chomh mór leis an chruinne. Mar sin de, ní fiú a rá nach bhfuil ciall ar bith le fisic an lae inniu; ní slat tomhais ar bith iad ár gcéadfaí. Tá sé furasta go leor an fhadhb a lua. Nuair a dhéantar mionscrúdú ar an dóigh a tarchuireann solas, aithnítear go dteilgtear é i mioncháithníní ar a dtugtar candaim. Ach is féidir le candam amháin dul dhá bhealach ag an am céanna. (dúirt mé nach mbaineann ciall le fisic an lae inniu!). De réir na n-eolaithe, níl ach dóigh amháin gur féidir an feiniméan seo a thuiscint. Is é sin ná go gcruthaítear dhá chruinne ag an am a mbíonn rogha ag an chandam agus go dtéann an candam bealach amháin i gcruinne amháin agus an bealach eile sa chruinne eile. Má leathnaítear ar an íomhá seo, gach uair a tharlaíonn rogha idir dhá fhéidearthacht, scoilteann an chruinne. Tarlaíonn an smaoineamh céanna i ngné eile den fhisic; an iarracht atá ag dul ar aghaidh an ceithre fhórsa bunúsacha a cheangal le chéile. Is iad na fórsaí seo: 1 an fórsa leictreamaighnéadach. Sin an fórsa a bhrúíonn sruth leictreachais agus ar a bhfuil saol leictreonach an lae inniu bunaithe. 2 an fórsa imtharraingtheach. Sin an fórsa a cheanglaíonn sinne le dromchla an domhain agus a choinníonn an domhan i bhfithis thart ar an ghrian. 3 An fórsa láidir núicléach. Sin an fórsa a rialaíonn an chumhacht a thagann chugainn ón ghrian agus ar a bhfuil ár saol ag brath. 4 An fórsa lag núicléach. Sin an fórsa a rialaíonn meath radaighníomhach, an fórsa atá taobh thiar den leigheas núicléach sna hotharlanna agus a rinne an scrios i Chernobyl. Creideann eolaithe go láidir go bhfuil comhionannas ann idir na fórsaí seo agus go bhfuil simplíocht agus áille ann fosta; go gcaithfidh go bhfuil rud ann ar a dtugtar "teoiric an uile shórt" Ach nuair a inréitíonn siad na cothromóidí tagann siad ar an nós go gcaithfidh go bhfuil i bhfad níos mó ná ceithre thoise ( fad, leithead, airde agus am) ann. Meastar go gcaithfidh go bhfuil ceann déag ann ach nach léir dúinn iad. Agus le taobh sin, tagann an nós céanna aníos; go gcaithfidh go bhfuil uimhir éigríochta cruinní ann ach nach bhfuil teacht againn orthu. Is léir go gcaithfidh samhlaíocht iontach a bheith ag eolaithe an lae inniu. Sanas: Cáithníní particles Candam quantum Comhthreomhar parallel Cothromóidí equations Cruinní universes Éigríochta infinite Feiniméan phenomenon Imtharraingtheach gravitational Inréitíonn solve Radaighníomhach radioactive Tarchuireann transmits Toise dimension Tuilleadh eolais: BBC Science and Nature - Space mkaku.org The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |