THE SCIENCE OF THE UNIVERSEAn Ghealach/The Moon ‘S í an Ghealach an réad cruinne is cóngaraí don Domhan s’againne agus taobh amuigh den Ghrian, is í an réad is gile sa spéir í. Tá trastomhas 3,500 ciliméadar aici (thart fá cheathrú mhéid an Domhain) agus tá sí tuairim is 400,000 ciliméadar uainn.
Tá sí i bhfithis thart orainne, fithis a ghlacann tuairim is ocht lá is fiche agus rothlaíonn sí ar a hais gach ocht lá is fiche fosta. As siocair gurb ionann an dá am seo, ní féidir linn ach taobh amháin den Ghealach a fheiceáil ón Domhan. Go dtí 1959, nuair a chuir na Rúisigh an spástaiscéalaí Luna 2 chuici, ní raibh barúil ar bith againne cad é a bhí ar chúl na Gealaí. Tá a fhios againne anois gurb ionann an chuma atá ar an dá thaobh. Le linn na ceithre seachtainí agus an Ghealach i bhfithis thart orainne, athraíonn a cuma. Nuair a bhíonn gealach úr ann, is beag nach dtig linn í a fheiceáil. Seacht lá ina dhiaidh sin, bíonn sí i mbéal ceathrún. I gcionn seacht lá eile, bionn sí lán agus i gcionn seacht lá eile, bíonn sí sa cheathrú dheireannach. Tugtar céimeanna ar na hathruithe seo. Meastar anois gur ón Domhan féin a tháinig an Ghealach. Go luath i ndiaidh do Chóras na Gréine a bheith cruthaithe, thart fá 4,500 milliún bliain ó shin, bhuail réad an Domhan, réad a bhí fán mhéid céanna le Mars. Bhí an Domhan te agus leachtach agus stealladh píosa mór uaidh. Fágadh an píosa sin (an Ghealach mar atá anois) i bhfithis thart ar a raibh fágtha (an Domhan). Sheas an cine daonna ar dhromchla na Gealaí don chéad uair i mí Iúil 1969 nuair a shroich Neil Armstrong agus Edwin (Buzz) Aldrin í. Tugadh an chúirt dheireannach uirthi i Mí na Nollag 1972; ní raibh aon duine ar ais ó shin. De thairbhe a cóngair, tá tionchar an-mhór ag an Ghealach ar dhromchla an Domhain. Tá fórsa imtharraingteach láidir aici agus tógann an fórsa sin leibhéal na farraige. Is é seo an rud is cúis leis na taoidí. Tógann an fórsa céanna leibhéal an talaimh ach tá an talamh docht agus mar sin de, is beag uilig an tógáil agus ní thugann muid faoi deara é. De thairbhe a méid agus a gile, bhí páirt mhór ag an Ghealach i saol an chine dhaonna ariamh anall. Rinneadh bandia di ag na Rómhánaigh (thug siad Luna uirthi) agus ag na Gréagaigh ( Selene nó Artemis) agus bhí sí ceangailte go dlúth le miotaseolaíocht s’acusan. Sa lá atá inniu ann, agus an spéir ceilte orainn ag truailliú solais, tá suim sa spéir caillte againne, a bheag nó a mhór. Ní thugann muid morán airde ar an Ghealach agus is cuma linn cén céim ina bhfuil sí. Ach b’fhéidir gur boichte ár saol de thairbhe na neamhshuime seo. Sanas/Vocabulary: Ais axis Céim phase (of Moon) Ciliméadar kilometre Córas na Gréine the solar system Cruinne universe Fithis orbit Imtharraingteach gravitational Leachtach liquid Réad object Rothlaíonn rotates Spástaiscéalaí space probe Trastomhas diameter Tuilleadh eolais / Extra information: BBC Science and Nature - Space nineplanets.org The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |