BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

THE SCIENCE OF THE UNIVERSE

Mir ina míreanna

Ar a sé a chlog, maidin Dé hAoine an 23 Márta 2001, thit Mir, stáisiún spáis na Rúise, go talamh thoir ó chosta thoir na hAstráile. Chonacthas é sna hOileáin Fidsíocha mar léasanna solais, idir naoi agus dosaen acu, agus iad ag fágáil toite ina ndiaidh.

Meastar go raibh luas fuama leo, thart ar thrí chéad mhéadar sa soicind agus ghlac siad tuairim is fiche soicind ag dul ó léaslíne go léaslíne. Ní fhaca aon duine na píosaí seo nuair a thuirling siad ach meastar nach raibh fágtha den chéad tríocha tonna a bhí i bhfithis ach cúig tonna is fiche. Rinneadh smidiríní den chuid eile de thairbhe frithchuimilte idir Mir agus an t-aer. Ba é sin an plean a bhí ag na Rúisigh agus d’oibrigh sé gan locht. Ní raibh dóigh ar bith acu an stáisiún spáis a thabhairt ar ais agus nuair nach raibh an céad go leith milliún dollar sa bhliain acu a bheadh riachtanach le tacú leis, shocraigh siad ar á ligean titim isteach san fharraige san áit is uaigní agus is faide ar shiúl ó dhaoine ar an domhan.

Nuair a dearadh Mir sna seachtóidí bhí coimhlint ghéar idir Mheiriceá agus an tAontas Soivéideach agus bhí Mir mar chuid den iarracht a rinneadh le taispeáint cé chomh mór chun tosaigh is a bhí na Rúisigh. Ach nuair a lainseáladh é i 1986, bhí sé soiléir go raibh an lámh in uachtar ag na Meiriceánaigh. Agus ní raibh na Rúisigh ariamh cinnte cad é le déanamh leis. Is beag uilig na fionnachtana eolaíochta a tháinig as. Rinneadh turgnaimh ar phlandaí agus crúthaíodh go mbeadh spásairí ábalta a gcuid bia féin a fhás. Bhí bunús na bhfiosrúchán dírithe ar an chorp dhaonna agus ar na fadhbanna a d’éirigh nuair a bhí an corp gan meáchan. Ach má bhí lochtanna eolaíochta ar Mir, ní amhlaidh a bhí leis an teicneolaíocht a chur é i bhfithis agus a choinnigh ansin é. Mhair sé cúig bliana déag, i bhfad thar an am a bhí beartaithe. Nuair a tharla taismí, réitíodh iad agus foghlaimíodh ceachtanna agus níor maraíodh aon duine. D’fhoghlaim an cine daonna na scileanna agus na cleasanna a bheadh riachtanach le maireachtáil sa spás.

Agus roimh dheireadh a shaol, ba shiombail chomhoibriú é Mir. Nuair a mheath an rúndacht a bhí ceangailte leis an sean Aontas Soivéideach agus nuair a bhuail ganntanas airgid na Rúisigh, thug siad cuireadh do spásairí ó thíortha eile a bheith páirteach san fhiontar (ar an acht go ndíolfadh siad a gcuid costas féin, ar ndóigh). Le linn a shaol, bhí níos mó ná céad duine ó shé thír dhéag beo ar Mir. Ina measc bhí Meiriceánaigh agus ba é an comhoibriú idir iadsan agus na Rúisigh a bhí mar shiombail ar an ré úr abhus anseo ar talamh. Léiríonn an dóigh fhoirfe a thug na Rúisigh Mir go talamh go bhfuil na scileanna cuí acu go fóill, fiú muna bhfuil an t-airgead acu le dul i mbun taiscéalta iad féin. Is soiléir gur fiú iad a bheith comhpháirteach i bhfiontair spáis amach anseo.

Sanas:
Dearadh designed
Fidsíocha Fijian
Fiontar enterprise
Fionnachtana discoveries
Fithis orbit
Frithchuimilt friction
Léaslíne horizon
Taiscéaladh exploration
Turgnaimh experiments

Tuilleadh eolais / Extra information:
New Scientist


The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy