BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

THE SCIENCE OF THE UNIVERSE

Beocht sa Chruinne/Life in the Universe

Tuesday 5 June 2001

An bhfuilimid linn féin sa Chruinne nó an bhfuil duine nó neach beo ar bith eile amuigh ansin? Sin ceann de mhórcheisteanna na haoise seo agus níl freagra cinnte ar bith againn. Ach tá leideanna meallacacha ann gur dócha go bhfuil beocht ann áit éigin..

Listen / Éist

Tá an oiread sin réaltaí sa Chruinne gur beag seans nach bhfuil réalta éigin ann a bhfuil pláinéid aici atá ag an fhad cheart ón réalta, atá ag an teocht ceart agus ar a bhfuil uisce. Tá na réaltaí uilig eagraithe i réaltraí. I réaltra s’againne (a dtugaimid Bealach na Bó Finne air) tá tuairim is 100,000,000,000 réaltaí. Sin figiúr an-mhór ar doiligh é a thuigbheáil mar is ceart. Smaoinigh air mar seo: ghlacfadh sé seacht gcéad bliain ag duine amháin iad uilig a chuntas. Agus sin déanta, tá 100,000,000,000 réaltraí eile sa Chruinne! I measc na réaltaí sin uilig sa Chruinne caithfidh go bhfuil córas éigin atá cosúil le Córas na Gréine agus ina bhfuil pláinéad ar a bhfuil beocht.

Cionn is go bhfuil pláinéid chomh beag sin agus cionn is nach n-astaíonn siad solas, tá sé an-doiligh iad a fheiceáil. Ach le bliain nó dhó anuas agus treallamh úr in úsáid againn, tá fianaise ann go bhfuil pláinéid coitianta ar fud na Cruinne. Meastar anois go bhfuil pláinéid ag beagnach gach réalta. Agus tá a fhios againn go bhfuil uisce sna réaltnéalta ina bhfuil réaltaí úra á gcruthú; tá uisce riachtanach má tá beocht le bheith ann.

Fiú i gCóras na Gréine s’againne, tá fianaise go raibh beocht simplí ar Mars. Ó am go céile titeann dreigít ar dhromchla an domhain a thagann ó Mars. I gceann amháin acu siúd tháinig eolaithe ar iarsmaí a meastar gur baictéir iad, baictéir a bhí beo na céadta míle bliain ó shin; b’fhéidir go bhfuil a leithéid beo go fóill faoi dhromchla Mars.

Is smaoineamh é seo a spreagann an tsamhlaíocht ionainn uilig. Is beag duine a rachadh amach oíche réaltógach agus nach ndéanfadh smaoineamh faoi cad é atá amuigh ansin. Agus b’fhéidir gurb iad daoine óga is fearr a mbíonn smaoinimh mar sin acu. Tá comórtas ann i láthair na huaire do dhaltaí na hÉireann agus do dhaltaí na hEorpa atá ag iarraidh orthu a gcuid barúlacha faoi bheocht sa Chruinne a léiriú. Thiocfadh leo nuachtán a chumadh nó aiste a scríobh nó ríomhshuíomh a chumadh; d’fhéadfadh siad dráma a léiriú nó píosa ealaíne a dhearadh nó filíocht a scríobh. Is féidir le suas le ceathrar páiste idir ceithre bliana déag agus ocht mbliana déag a bheith i bhfoireann agus duine fásta leo. Tá an comórtas seo faoi sheol anois ach b’fhéidir go bhfuil am ann go fóill a bheith páirteach ann. Féach "Tuilleadh eolais" thíos.

Más rud é go bhfuil beocht ann, an amhlaidh go bhfuil na neacha sin ag tabhairt cúirte orainn? An bhfuil an ceart acu siúd a deir gur tógadh ar shiúl i spásfheithiclí iad? Sin ceist eile ar ndóigh.

Sanas:
Bealach na Bó Finne Milky Way
An Chruinne the Universe
Dreigít meteorite
Réaltnéalta gas clouds
Réaltra galaxy
Spásfheithiclí space vessels

Tuilleadh eolais / Extra information:
Life In The Universe

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy