BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

THE SCIENCE OF THE UNIVERSE

Tomhas ama in Éirinn / Defining time in Ireland

Clock FaceTá sé luaite le muintir na hÉireann nach mbíonn mórán airde acu ar am; gur minic a mbíonn siad mall d’ocáidí agus do choinní. Ach an raibh a fhios agat go bhfuil bunús eolaíochta leis an tréith seo?

Listen / Éist

Seo mar atá. Ní hionann an t-am in Éirinn agus i Sasana agus bhí an difir sin soiléir go dtí an bhliain 1916. Sa seanam bhunaigh daoine a gcuid gnó ar an ghrian; an t-am a raibh an ghrian ar a pointe is airde sa spéir, ba é sin an nóin agus tugadh an mhaidin ar an am roimhe sin agus an iarnóin ar an am ina dhiaidh. Ach ní hionann am is airde gréine i ngach ceantar. Go dtí gur tharla an réabhlóid tionsclaíoch san ochtú céad déag i Sasana, bhí a am féin ag gach ceantar. Nuair a thosaigh taisteal idir ceantracha ar an bhóthar iarainn bhí cothromacht de dhíth agus socraíodh gurbh é an nóin ar fud na Sasana an t-am is airde gréine os cionn na réadlainne i Greenwich.

Rinneadh socrú cosúil leis sin in Éirinn ach bhí nóin na hÉireann bunaithe ar an am is airde gréine os cionn réadlann Dunsink. Ach tá Dunsink níos faide siar ná Greenwich. Éiríonn an ghrian san Oirthear agus gluaiseann sí siar ag luas measartha tairiseach. Tarlaíonn sin as siocair go rothlaíonn an Domhan fúithi agus glacann sé 25 nóiméad agus 22 soicind ó ardphointe na gréine os cionn Greenwich go hardphointe na gréine os cionn Dunsink. Is ionann sin go raibh am na hÉireann níos mó ná cúig nóiméad is fiche níos moille ná am na Sasana.

Mhair am na hÉireann mar seo go dtí 1916 nuair a socraíodh go nglacfaí le ham Greenwich (GMT) in Éirinn. Is ionann sin is a rá go dtarlaíonn nóin s’againne díreach i ndiaidh cúig is fiche i ndiaidh a dó dhéag sa Gheimhreadh (agus i ndiaidh cúig is fiche i ndiaidh a haon a chlog sa Samhradh).

Ach tá lúb sa scéal go fóill. Luaigh mé gur bhog an ghrian sa spéir ag ráta tairiseach. Ní raibh an ceart go hiomlán agam. Rothlaíonn an Domhan thart ar an ghrian i bhfithis nach bhfuil ciorclach; bíonn an fhithis éileapsóideach. Chan amháin sin, níl ais rothlaithe an Domhain ingearach le plána rothlaithe an Domhain thart ar an ghrian. Is ionann sin is go n-athraíonn luas na gréine sa spéir pas beag ó lá go lá i rith na bliana; mar sin de, athraíonn fad an lae. Ag aimsir na Nollag, mar shampla, maireann an lá fiche soicind níos faide ná ceithre uair fichead agus i lár Mheán Fhómhair, bíonn sé fiche soicind níos giorra ná ceithre uair fichead. Go dtáinig ré na cumarsáide leictreonach ba chuma fá na difríochtaí beaga seo.

Ach anois, nuair atá satailítí cumarsáide ag brath ar a bheith ábalta am a ríomh le cruinneas níos fearr na nanasoicindí (is ionann nanasoicind agus 0.000000001 soicind) is barraíocht na difríochtaí seo agus bhí ar eolaithe am a bhunú ar éifeacht atá níos tairisí. Rinneadh sainiú úr ar an soicind sa bhliain 1967. In áit é mar 1/86400 den lá, tá sé anois bunaithe ar an radaíocht a thagann ó dhá leibhéal éagsúil san adamh caeisiam. Ní athraíonn seo agus mar sin de, tá sé tairiseach ar fud an Domhain agus ó bhliain go bliain.

Anseo in Éirinn, i dtaca le ham uaireadóra de, tagann an caighdeán ó Shasana chugainn go fóill. B’fhéidir, go fochomhfhiosach, gur cuimhin linn an t-am a bhí muid neamhspleách agus ár n-am féin againn agus an t-am sin cúig nóiméad is fiche níos moille ná am na Sasana. Agus sin, b’fhéidir, an fáth gur minic mall muid ag ócáidí áirithe.

Sanas:
Ais
axis
Caeisiam caesium
Éileapsóideach elliptical
Fithis orbit
Ingearach perpendicular
Réadlann observatory
Rothlaíonn rotate
Sainiú definition
Tairiseach constant

Tuilleadh eolais:
A Walk Through Time
How Stuff Works
sundials.co.uk
Royal Observatory Greenwich

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy