THE SCIENCE OF THE UNIVERSE Cóiméad úr sa spéir / A New Comet in the Sky Tá cóiméad úr sa spéir anocht agus gach oíche go cionn seachtain nó dhó eile. Is é an cóiméad is gile é ó bhí Hale-Bopp le feiceáil sa bhliain 1997, gidh nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith chomh geal leis.

Tháinig sé chugainn go tobann; ní raibh muid ag dúil leis agus theip ar na hinnill uathoibríocha cuardaíochta teacht air. Beirt réalteolaí, duine sa tSeapáin agus duine eile sa tSín a tháinig air agus iadsan a ba chiontaigh lena ainm – Ikeya-Zhang. Má bhíonn tú amuigh faoin tuath in Éirinn agus oíche ghlan ann, beidh tú i ndán é a fheiceáil gan gléas ar bith ach caithfidh tú fios a bheith agat cá bhfuil sé nó níl ann ach go mbeidh tú ábalta é a dhéanamh amach. Idir a seacht a chlog agus a hocht, cuardaigh sa spéir thiar thart fá thríocha céim os cionn na léaslíne. Más sa chathair atá tú beidh cuidiú de dhíth ort nó bíonn spéir na cathrach truaillithe ag solas; ach le déshúiligh, ba cheart go mbeadh an cóiméad soiléir go leor. Ach tá sé ag éirí níos cóngaraí don ghrian agus mar sin de, beidh sé as radharc i gcionn cúpla seachtain. Tamall gairid eile, beidh sé ar thaobh eile na gréine agus beidh sé le feiceáil san oirthear go gairid roimh bhreacadh an lae. Agus tú ag amharc air, chífidh tú réad atá cosúil le réalta ach a bhfuil ruball fada aige. An rud is cúis leis an ruball ná go bhfuil teas na gréine ag leá cuid den oighear. Féadann tú a rá nach bhfuil i gcóimeád ach liathróid sneachta mhór idir ciliméadar amháin agus fiche ciliméadar ar thrastomhas. Éalaíonn na cáithníní uisce ó dhromchla an chóiméid agus fánann siad thart air mar chineál atmaisféar, rud ar a dtugtar an coma agus atá thart fá mhilliúin cileaméadar trasna. Séideann radaíocht na gréine cuid den atmaisféar siar agus sin an ruball. Bíonn an ruball suas le deich milliúin cileaméadar ar fad. Is é an coma agus an ruball a fheicfidh tú má amharcann tú ar Ikeya-Zhang anocht. Nuair a cruthaíodh Córas na Gréine, thart fá cheithre bhilliúin go leith bliain ó shin, fágadh ábhar nár chomhdhlúthaigh mar néal mór thart air. Tá cuid den ábhar sin ann go fóill i bhfad níos faide ar shiúl uainn na Plútón. Tugtar néal Oort ar an ábhar seo. Ó am go chéile, buaileann cúpla réad sa néal seo le chéile, nó tagann réad ó thaobh amuigh de Chóras na Gréine isteach; cibé, leagtar amach as a fhithis é agus titeann sé i dtreo na gréine. Téann sé thart ar an ghrian agus amach arís i bhfithis atá an-fhada agus maireann seo go dtí go dtiteann sé as a chéile nó go mbuaileann sé pláinéad éigin (mar a rinne Shoemaker-Levy sa bhliain 1994). Dála an scéil, níl seans ar bith go mbuailfidh Ikeya-Zhang an Domhan; ní thiocfaidh sé níos cóngaraí dúinn ná tríocha a seacht milliúin cileaméadar. Maireann cuid de na fithisí seo chomh fada sin nach bhfuil trácht ar bith againn orthu nuair a bhí siad linn go deireannach. Meastar go maireann cuid de na fithisí níos faide na míle bliain. Táimid cinnte de choimeád Halley a bhí anseo sa bhliain 1986 agus a bheidh ar ais sa bhliain 2061. An rud is suimiúla faoi Ikeya-Zhang ná go bhfuil a fhios againn go raibh sé linn go deireannach sa bhliain 1661. Is ionann sin ná go maireann an fhithis 341 bliain. Sin an fhithis is faide a bhfuilimid cinnte de i measc na gcóiméad. Ní thagann cóiméid chomh minic sin agus ní fheicfear an ceann seo arís go dtí an bhliain 2343. Ná caill an t-áiméar; tóg leat na déshúiligh agus cuardaigh é. Sanas: Cáithníní particles Cóiméad comet Comhdhlúthaigh condensed Déshúiligh binoculars Fithis orbit Léaslíne horizon Trastomhas diameter Uathoibríoch automatic Tuilleadh eolais: BBC News The Nine Planets Solarviews.com The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |